YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 19

19
CAIBIDIOL XIX.
Críost ġá ḋeiṁniú go ḃfuil an pósaḋ do-sgaoílte: agus ġá ċóṁaírliú ḋúinn sgaraṁaint le gaċ níḋ ar a ṡon féin. An ċontaḃairt a leanann saiḋḃreas á ṫaisbeáint aige, agus an tuarastal atá as gaċ níḋ do ṫréigean ar a ṡon féin.
1Agus do ṫárla, nuair a ḃí na cóṁráiḋte sin críoċnuiġṫe ag Íosa, gur ḟág sé Gaililí agus go dtáinig sé i gcríoċaiḃ Iúdaéa lastall de’n Iórdan. 2Agus do lean sluaġ ṁór é; agus do leiġis sé iad sa n-áit sin.
3Agus ṫáinig na Fairisíniġ ċuige ’ġá ṫriail, agus duḃradar: An dleaġṫaċ do ḋuine a ḃean do ċur uaiḋ ar gaċ aon tsaġas cúise? 4Agus do ḟreagair sé iad, agus duḃairt: Nár léiġeaḃair, #Gen. 1:27.an t-é ċruṫuiġ an duine ar dtúis, gur ċruṫuiġ sé iad firean agus bainean, agus duḃairt sé: 5#Gen. 2:24.Mar ġeall air sin, fágfaiḋ duine a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n-a ṁnaoi, agus beid siad ’n-a mbeirt i n-aon feóil. 6D’á ḃríġ sin, ní ḋá ḟeóil iad feasda, aċ aon ḟeóil aṁáin. Uime sin, an níḋ a ċeangail Dia ná sgaoileaḋ duine é. 7Duḃradar san leis: Cad ċuige, má ’seaḋ, gur #Deut. 24:1.órduiġ Maois leitir a díbearṫa ṫaḃairt di agus í ċur ċun siuḃail? 8Duḃairt sé leó: Do ċeaduiġ Maois daoiḃ-se, toisg an ċroiḋe cruaiḋ a ḃeiṫ agaiḃ, ḃúr mná do ċur uaiḃ; ní raiḃ an sgéal mar sin, áṁṫaċ, ó ṫusaċ.#1 Cor. 7:10. 9Aċ deirim-se liḃ, aoinne ċuirfiḋ uaiḋ a ḃean, aċ aṁáin mar ġeall ar ḋrúis, agus do ṗósfaiḋ bean eile, go ndeineann sé aḋaltranas; agus an t-é a ṗósfaiḋ an bean a díbreaḋ, go ndeineann sé aḋaltranas.#19:9 Ver. 9. aċ aṁáin ⁊rl., .i., Is dleaġṫaċ bean do ḋíbirt mar ġeall ar aḋaltranas, aċ ní féidir do’n ḟear bean eile do ṗósaḋ an ḟaiḋ a ḃeiḋ an ḃean a díbreaḋ beó.
10Duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Má’s mar sin atá an sgéal ag duine i dtaoḃ a ṁná, ní maiṫ an rud pósaḋ. 11Agus duḃairt sé leó: Ní h-é gaċ aoinne a ġlacann an ċaint sin, aċ an ṁuíntir gur tugaḋ san dóiḃ.#19:11 Ver. 11. Ní h-é gaċ aoinne a ġlacann an ċaint sin, .i., Ní ġeiḃeann gaċ aoinne maireaċtaint singil agus geanmnaíġe mura n-iarraid siad ar Ḋia a ġrásta ṫaḃairt dóiḃ ċun san do ḋéanaṁ, agus tá cuid acu san féin agus níor ṁór dóiḃ trosgaḋ ḋéanaṁ ċóṁ maiṫ le guiḋe ċun Dé, agus tugtar dóiḃ sin é anuas. 12Óir táid coillteáin do rugaḋ mar sin ó ḃroinn a máṫar; agus tá coillteáin gur ṫug daoine an cor san orṫa; agus tá coillteáin a ḋein iad féin do ċoillt ar son ríġeaċta na ḃflaṫas. #19:12 .i. an t-é a ṫuigeann, tuigeaḋ.An t-é go dtig leis a ġaḃáil, gaḃaḋ.#19:12 Ver. 12. táid coillteáin ⁊rl. — Ná glactar an ċaint seo do réir na leitire. Cialluiġeann an ċaint go ḃfuil daoine ann agus go ḃfuil ceapaiṫe ’n-a n-aigne acu fanṁaint singil, geanmnaiġe i gcaiṫeaṁ a saoġail i dtreó go ḃféadfidís réir Dé ḋéanaṁ níb’ ḟearr ’ná dá mbeidís pósta. Feic Pól. N. 1 Cor. 7:37,38.
13Ansan do tugaḋ ċuige aos óg, go ndéanfaḋ sé a láṁ do ċur orṫa agus guiḋe; agus ḃí na deisgiobuil ġá gcosg. 14Aċ duḃairt Íosa leó: Leigiḋ ċúġam an ṁuintir ḃeag, agus ná coisgiḋ iad; óir is le n-a leiṫéidí sin ríġeaċt na ḃflaṫas. 15Agus nuair a ċuir sé a láṁa orṫa, d’ḟág sé an áit sin.
16Agus féaċ, ṫáinig; duine ċuige agus duḃairt sé: A Ṁaiġístir ṁaiṫ, cad í an ṁaiṫ a ḋéanfad ionus go mbeaḋ agam beaṫa ṡíoruiḋe? 17Agus duḃairt sé leis: Cad é an tráċt so agat ar ṁaiṫ? Ní’l aċ Aon is maiṫ, ’sé sin Dia. Aċ má’s maiṫ leat dul isteaċ sa ḃeaṫa, coimeád na n-aiṫeanta. 18Deir seisean leis: Cad iad na h-aiṫeanta? Agus duḃairt Íosa: #Exod. 20:13.Ná dein marḃaḋ; Ná dein drúis; Na dein guid; Ná dein fiaḋnaise ḃréige; 19Taḃair onóir do t’aṫair agus dod’ ṁáṫair; agus, gráḋuiġ do ċóṁarsa mar ṫu féin. 20Duḃairt an t-óigḟear leis: Ċoimeádas iad san go léir ó m’óige; cad eile is riaċtanaċ dom? 21Duḃairt Íosa leis: Má’s maiṫ leat ḃeiṫ beaċt, imṫiġ agus díol amaċ a ḃfuil agat, agus taḃair dos na boċtaiḃ, agus beiḋ stór ar neaṁ agat; agus tar agus lean mise. 22Nuair airiġ an t-ógánaċ an ċaint sin, áṁṫaċ, d’imṫiġ sé agus é go buarṫa; mar fear ab eaḋ é go raiḃ mórán saiḋḃir aige.
23Agus duḃairt Íosa le n-a ḋeisgiobuil: Go deiṁin adeirim liḃ, is deacair do’n duine saiḋḃir dul isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas. 24Agus deirim airís liḃ é: Is usa do ċamal gaḃáil tré ċró snáṫaide ’ná do’n duine saiḋḃir dul isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas. 25Nuair airiġ na deisgiobuil an méid sin ṫáinig árd-iongnaḋ orṫa, agus duḃradar: Má ’seaḋ, cé ḟéadfaiḋ dul saor? 26D’ḟéaċ Íosa orṫa agus duḃairt sé: Ní féidir so do ḋaoine; aċ is féidir le Dia gaċ níḋ.
27Ansan d’ḟreagair Peadar agus duḃairt sé: Féaċ, d’ḟágamairne gaċ níḋ, agus do leanamair tusa: Agus cad a ḃeiḋ d’á ḃárr againn? 28Agus duḃairt Íosa leó: Go deiṁin adeirim liḃ, siḃ-se do lean mé, sa n-aiṫġeineaṁaint, nuair a ṡuiḋfiḋ Mac an Duine i gcaṫaoir a ġradaim, súiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag ag taḃairt breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israéil. 29Agus gaċ duine a ḋ’ḟágfaiḋ a ṫiġ, nó a ḋriṫáraċa, nó a ḋriféaraċa, nó a aṫair, nó a ṁáṫair, nó a ḃean, nó á ċlann, nó a ċuid tailiṁ, ar son m’ainime-se, ġeoḃaiḋ sé fó ċéad, agus beiḋ an ḃeaṫa ṡíoruiḋe aige.
30Aċ beiḋ a lán d’á ḃfuil ar tusaċ ar deire, agus d’á ḃfuil ar deire ar tusaċ.

Currently Selected:

Maitiú 19: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in