YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 11

11
CAIBIDIOL XI.
A ḋeisgiobuil ag Eóin ḋá gcur ag triall ar Ċríost. Na Iúdaiġ ḋ’á gcáineaḋ ag Críost mar ġeall ar na creidfidís, agus na daoine d’á nglaoḋaċ ċuige a ṁoṫuiġid ualaí troma ḃeiṫ orṫa.
1Agus do ṫárla, nuair a ḃí na h-órduiġṫe taḃarṫa ag Íosa d’á ḋáréag deisgiobul, gur imṫiġ sé as an áit sin ċun teagasg agus craoḃsgaoileaḋ ḋéanaṁ i n-a mbailtiḃ-sin.
2 # Lúc. 7:18. Agus nuair a ḋ’airiġ Eóin, agus é gaḃṫa, oibreaċa Ċríost, ċuir sé beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ féin ag triall air, agus duḃairt sé leis: 3An tusa an t-é atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile? 4Agus duḃairt Íosa leó ’ġá ḃfreagraḋ: Imṫíġiḋ agus ínnsiḋ d’Eóin na neiṫe d’aireaḃair agus do ċonacaḃair; 5#Isáias 35:5.Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á #Isáias 61:1.ṫeagasg dos na boċtaiḃ. 6Agus is aoiḃinn do’n t-é ná glacfaiḋ sganall umam-sa.#11:6 Ver. 6. ná glacfaiḋ sganall umam-sa .i. ná glacfaiḋ sganall, nú diombáḋ, mar ġeall ar mé ḃeiṫ úṁal, agus mar ġeall ar an mbás fé ṫarcuisne atá agam lé fulag.
7Agus nuair a ḃí an ḃeirt imṫiġṫe do ċrom Íosa ar laḃairt leis na daoine i dtaoḃ Eóin: Cad a ḃí uaiḃ le feisgint nuair a ṫánaḃair amaċ sa ḃfásaċ? Slat d’a suaṫaḋ le gaoiṫ? 8Aċ cad a ḃí uaiḃ le feisgint nuair a ṫánaḃair amaċ? Fear i n-éadaiġiḃ míne? Féaċ, i dtiġṫiḃ na rí atá luċt an éadaiġ ṁín. 9Aċ cad a ḃí uaiḃ le feisgint nuair a ṫánaḃair amaċ? Fáiḋ, an eaḋ? Aċ deirim-se liḃ gur duine é is mó ’ná fáiḋ. 10Óir is air seo atá sgríoḃṫa: #Mal. 3:1.Féaċ, táim-se ag cur m’aingil róṁat amaċ ċun na slíġe d’ollaṁú róṁat. 11Go deiṁin adeirim liḃ, níor eiriġ, ar an rugaḋ ó ṁnáiḃ, duine ba ṁó ’ná Eóin Baiste; aċ an t-é is lúġa i ríġeaċt na ḃflaṫas is mó é ’ná eisean. 12Aċ ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á déanaṁ ar ríġeaċt na ḃflaṫas, agus isiad luċt an éigin a ḃeireann leó é.#11:12 Ver. 12. tá éigean ⁊rl., .i. ní faġtar ríġeaċt na ḃflaṫas aċ le fóirneart, le h-éigin a ḋeanaṁ orainn féin tré ḋéine aiṫriġe agus tré ċur i gcoinniḃ an ndroċ-ṁian. 13Óir targaireaċt iseaḋ ḋein na fáiḋe go léir agus an dlíġ, go dtí Eóin. 14Agus má’s áil liḃ a ġlacaḋ, isé #11:14 .i. Elias i gcóṁaċt; Mal. 4:5.Elias é atá le teaċt.#11:14 Ver. 14. isé Elias é ní h-i bpearsain, áṁ, aċ i spioraid, cf. Lúc. 1:17. 15An t-é ar a ḃfuil cluasa ċun éisteaċta, éisteaḋ sé.
16Aċ cé leis go saṁlóċad an tslioċt so? Is cosṁail iad le h-aos óg ’n-a suiḋe ar an maċa ag glaoḋaċ ar a gcomrádaiṫiḃ: Agus ’ġá ráḋ: 17Ḋeineamair ceól daoiḃ ar ṗíbiḃ, agus níor ḋeineaḃair rinnce; do ċaoineamair, agus níor ḋeineaḃair gol. 18Óir do ṫáinig Eóin gan iṫe gan ól, agus deirid siad: Tá deaṁan ann. 19Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus deirid siad: Féaċ, an duine craosaċ agus an fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ. Agus ġeiḃeann an eagna a ceart ó n-a clainn féin.
20Ansan do ċrom sé ar ṁilleán do ċur ar na caṫraċaiḃ ionar h-oibriġeaḋ an ċuid ba ṁó d’á ċóṁaċtaiḃ, toisg nár ḋeineadar aiṫriġe: 21Mairg duit, a Ċorosain mairg duit, a Ḃetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaiḃ-se, is fadó a ḋéanfaidís aiṫriġe fé éadaċ ġarḃ agus fé luaiṫriġ. 22Aċ deirim liḃ, áṁṫaċ, Beiḋ an sgéal níos saoire lá an ḃreiṫeaṁantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaiḃ-se. 23Agus tusa, a Ċaṗarnaum, an suas go flaṫas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseaḋ a curfar ṫú; óir dá mba i Sodomaiḃ a déanfaí na fearta a deineaḋ ionat-sa, b’ḟéidir go mbeaḋ an ċaṫair sin ann do dtí an lá so. 24Aċ deirim liḃ, áṁṫaċ, go mbeiḋ an sgéal níos saoire lá an ḃreiṫeaṁantais ag muintir Ṡodom ’ná agat-sa. 25Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ. 26Iseaḋ, a Aṫair; óir sin mar a ḃi taiṫneaṁaċ ad’ láṫair-se. 27Tá gaċ uile níḋ taḃarṫa dóṁ-sa ag m’Aṫair. Agus ní’l aiṫne ag aoinne ar an Mac aċ ag an Aṫair; ná ar an Aṫair aċ ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a ḋ’ḟoillsiú ḋó. 28Tagaiḋ go léir ag triall orm-sa, gaċ duine go ḃfuil cruaḋtan agus tromualaċ air, agus taḃarfad-sa faoiseaṁ oraiḃ. 29Tógaiḋ mo ċuing-se oraiḃ, agus foġlumaiḋ uaim, óir táim ceannsa agus úṁal ó ċroiḋe; #Ierem. 6:16.agus ġeoḃaiḋ siḃ suaiṁneas d’ḃúr gcroiḋṫiḃ. 30#1 Eóin 5:3.Óir is suairc mo ċuing-se agus is éadtrom m’ualaċ.

Currently Selected:

Maitiú 11: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in