YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 21

21
CAIBIDIOL XXI.
Cuaird Ṗóil go Ierúsalem. É ḋá ġaḃáil aige sna Iúdaíġ sa teampull.
1Agus nuair á ṫárla go raiḃ sgarṫa againn leó agus sinn ag gluaiseaċt fé ṡeól,#21:1 .i. an long fé ṡeól againn. ṫánamair ceann ar aġaiḋ go Cóos, agus an lá ’n-a ḋiaiḋ san go Rodos, agus as san go Patara. 2Ansan do fuaramair long a ḃí ag dul treasna go Ṗoenicé, agus ċuamair ar bórd agus ġluaiseamair. 3Ṫánamair i raḋarc Ċuprois agus d’ḟágamair ar ár láiṁ ċlé é agus ṡeólamair go Síria agus ṫánamair go Túros; óir is ann a ḃí ar an luing a h-ualaċ do ċur aisti. 4Fuaramair deisgiobuil sa n-áit sin agus d’ḟanamair ann seaċt lá, agus ḃíodar, tríd an spioraid, ġá ráḋ le Pól gan dul suas go Ierúsalem. 5Aċ nuair a ḃí na laeṫanta caiṫte do ġluaiseamair agus ḃíomair ag imṫeaċt, agus ṫánadar go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ġár dtionnlacan, go geataí na caṫaraċ; agus do leogamair sinn féin ar ár nglúiniḃ ar an dtráiġ agus do ġuíḋmair. 6Ansan d’ḟágamair slán ag á ċeile agus ċuamair-ne ar an luing agus ċuadar-san aḃaile. 7Ḋeineamair-ne ár gcuaird ar uisge ó Ṫúros síos go Ptolemáis agus ḃeannuiġmair do sna bráiṫriḃ a ḃí ann agus d’ḟanamair lá ’n-a ḃfoċair. 8Ġluaiseamair an lá ’n-a ḋiaiḋ agus ṫánamair go Caesaréa. Ċuamair, ansan, go tiġ Ṗiliḃ, an soisgéalaiḋe, #Supra 6:5.duine de’n ṁórṡeisear, agus d’ḟanamair aige.#21:8 Ver. 8. an soisgéalaiḋe, .i. seanmóraíḋe an tsoisgéil. an fear céadna úd d’iompuiġ na Samaritánaċa agus do ḃaist an coillteánaċ (Caiḃ. 8.), duine de sna seaċt ndiaċonaiḃ tosaiġ aḃ eaḋ é.
9Ḃí aige sin ceaṫrar inġean, ceaṫrar maiġdean, agus ḋeinidís targaireaċt. 10Do stadamair ann rainnt laeṫanta agus ṫáinig ċúġainn ó Iúdaéa fáiḋ n-ar ḃ’ainim dó Agabus. 11Nuair a ṫáinig sé sin ċúġainn do ṫóg sé crios Ṗóil agus ċeangail sé a láṁa féin agus a ċosa agus duḃairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naoṁ, an fear gur leis an crios so, sin mar a ċeangalóċaid na Iúdaíġ é i n-Ierúsalem, agus taḃarfaid siad i láṁaiḃ na nGeinte é. 12Nuair airiġmair-ne an méid sin ḃíomair féin agus muinntir na h-áite sin ag taṫant air gan dul suas go Ierúsalem. 13Ansan duḃairt Pól ’ár ḃfreagrad: Cad tá agaiḃ á ḋéanaṁ, ag gol agus ag cur buarṫa ar mo ċroide? Táimse ollaṁ, ní h-aṁáin ċun ceangail d’ḟulag aċ fós ċun báis d’ḟulag, ar son ainime an Tiġearna Íosa. 14Ansan, nuair a ṫeip orainn é ḃogaḋ d’éisteamair agus duḃramair: Toil an Tiġearna go ndeintear!
15Agus tar éis na laeṫanta san d’ollṁuiġmair sinn féin agus ḃíomair ag dul suas go Ierúsalem. 16Agus ṫáinig i n-aonḟeaċt linn cuid de sna deisgiobuil ó Ċaesaréa, agus Cupriánaċ ’n-a dteannta, duine dár ḃ’ainim Mnasón, seana-ḋeisgiobul, n-a raḃmair ċun ḃeiṫ ar lóisdín aige.
17Ṫánamair go Ierúsalem agus do ġlac na bráiṫre sinn go fáilteaċ. 18Amáireaċ a ḃí ċúġainn ċuamair féin agus Pól go tiġ Ṡéamuis agus ḃí na sínsir go léir cruinniġṫe ann. 19Ḃeannuiġ sé dóiḃ agus d’innis sé dóiḃ, tríd síos, gaċ a raiḃ déanta ag Dia, tré n-a ḟriṫálaṁ féin, ameasg na nGeinte. 20Agus nuair airiġdar é ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar leis: Ċíonn tú, a ḃráṫair, cad iad na mílte de sna Iúdaíġ atá tar éis creideaṁaint, agus tá báiḋ acu go léir do’n dliġe. 21D’airiġdar áṁṫaċ, go ḃfuilirse ġá ċur ’n-a luiġe ar na Iúdaíġ atá ameasg na nGeinte naċ misde ḋóiḃ imṫeaċt ó Ṁaois, agus ná fuil ḟiaċaiḃ orṫa tímpallġearraḋ do ḋéanaṁ ar a gclainn, ná réir na dlíġe do leanṁaint. 22Cad ’tá le déanaṁ mar sin? Gan aṁras caiṫfid na daoine cruinniú mar aireóċaid siad gur ṫánaís. 23Dein an níd seo a deirimíd leat dá ḃríġ sin: Tá ceaṫrar fear againn go ḃfuil móid orṫa. 24Tóg leat iad san agus glantar ṫu i n-aonḟeaċt leó. Ansan díol-se asta i dtreó, go #Uiṁ. 6:18; supra 18:18.mḃeárrfar a gcinn. Ansan ċífiḋ gaċ aoinne gur b’éiṫeaċ ar airíġdar ad ṫaoḃ, go ḃfuilir féin ag siúḃal ad ċosnaṁaiḋe do’n dlíġ.#21:24 Ver. 24. ad ċosnaṁaiḋe do’n dlíġ. Bíoḋ go raiḃ an dliġ sin a deirtear imiġṫe a’ feiḋm um an dtaca san ḃí na Críostaiḋṫe Iúdaċa ġa cimeád, agus do leanadar ’ġá cimeád ar feaḋ rainnt aimsire, ċun na sinagóige, mar a déarfí, d’aḋlacaḋ le h-onóir. 25Aċ i dtaoḃ na nGeinteaċ a ċreid, #Supra 15:20,29.do sgríoḃmair-ne ġá órdú ḋóiḃ cimeád ó’n rud a h-íḋbireaċ d’íoḋolaiḃ, agus ó ḟuil, agus ó níḋ a taċtaḋ, agus ó ḋrúis. 26Ansan do ṫóg Pól leis na fir lár n-a ṁáireaċ agus do glanaḋ é i n-aonḟeaċt leó agus ċuaiḋ sé isteaċ sa teampull, tar éis laeṫanta a nglanta d’ḟógairt, ċun go ndéanfí ofráil ar son gaċ duine acu.
27Aċ ḃí Iúdaíġ ó’n Ásia ann agus nuair a ḃí na seáċt laeṫanta ḋá gcríoċnú ċonnacadar sa teampull é agus do ġríosadar an pobul go léir agus ċuireadar a láṁa. air agus do liúġdar: 28Congnaṁ! a ḟeara Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins gaċ aon ḃall i gcomniḃ an ṗobuil seo agus i gcoinniḃ na dliġe agus i gcoinniḃ na h-áite seo. Ṫug sé daoine geinteaċa isteaċ sa teampull agus do ṡáruiġ sé an áit ḃeannuiġṫe seo. 29Óir ḃíodar tar éis Troṗimuis ó Eṗesus a ḋ’ḟeiscint sa ċaṫair ’n-a ṫeannta agus ċeapadar go raiḃ Pól tar éis é ṫaḃairt isteaċ sa teampull. 30Agus ḃí an ċaṫair go léir ar buile, agus do ċruinniġ na daoine. Do rugadar ar Ṗól agus ṫarraigeadar amaċ as an dteampull é agus do dúnaḋ na dóirse láiṫreaċ.
31Agus ḃí fonn orṫa é ṁarḃaḋ, aċ do h-innseaḋ do ṫriḃiún an airm Ierúsalem go léir a ḃéiṫ tré n-a ċeile. 32Ṫóg sé sin leis saiġdiúirí agus taoiseaċa céad agus do riṫ sé ċúċa síos. Nuair a ċonnacadar an tribiún agus na saiġdiúirí do stadadar de ḃeiṫ ag bualaḋ Ṗóil. 33Ansan do ṫáinig an tribiún agus ṫóg sé é agus d’órduiġ sé é ceangal le ḋá ṡlaḃra agus d’ḟiafraiġ sé cia’r ḃ’é agus cad a ḃí déanta aige. 34Aċ ḃí án tsluaġ ag liúiriġ, duine ġá ráḋ so agus duine ġá ráḋ súd. Agus nuair nár ḃ’ḟéidir dó deiṁin a ḋ’ḟáġail mar ġeall ar an gcur tré ċéile, d’órduiġ sé é ṫaḃairt ċun an longṗuirt. 35Agus nuair a ṫáinig sé go dtí an staiġre do ṫárla go raiḃ na saiġdiúirí ġá lompar mar ġeall an ḋéine na ndaoine; 36Óir ḃí an tsluaġ ’n-a ndiaiḋ agus iad ag liúiriġ: Tóg uainn é.
37Agus le linn e ḃreiṫ isteaċ sa longṗort duḃairt Pól leis an dtribiún: An misde ḋom ḃeagán cainnte ḋéanaṁ leat? Agus duḃairt seisean: An dtuigeann tú Gréigis? 38Náċ tusa an t-Éigipteaċ úd a ḋein an ċíréib ins na laeṫanta roimis seó agus do rug leat isteaċ sa ḃfásaċ ċeiṫre ṁíle de ropairíḃ. 39Agus duḃairt Pól leis: Iúdaċ iseaḋ mé go deiṁin, ó Ṫarsus i gCilicia. Is cóṁnuiġṫeaċ mé do ċaṫair naċ suaraċ. Iarraim ort leogaint dom laḃairt leis an bpobul. 40Ṫug sé cead dó. Ansan do ṡeasaiṁ Pól ar an staiġre agus ḃagair sé a láṁ ar an sluaġ agus do deineaḋ ana-ċiúnas agus do laḃair sé leó sa teangain Eaḃra, agus duḃairt sé:

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 21: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in