YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 20

20
CAIBIDIOL XX.
Cuaird Ṗóil tré Ṁacedonia agus tríd an nGréig. Duine aige á ṫógaint ó’n mbás i dTsóás. A ċainnt le cléir Eṗesuis.
1Ansan, nuair a ḃí an toirmeasg imiġṫe do ġlaoiḋ Pól ċuige na deisgiobuil agus do ċóṁairliġ sé iad, agus d’ḟág sé slán acu agus do ġluais sé ċun dul go Macedonia. 2Agus nuair a ḃí na triúċa san siúḃalta aige agus mórán cainnte déanta aige leis na daoine ṫáinig sé sa Ġréig. 3Ḃí sé trí ṁí sa n-áit sin. Ansan ċeap sé dul go Síria ar luing aċ ḃí na Iúdaíġ i gceilg ag faire air agus ṡocaruiġ sé ar ṫeaċt tré Ṁacedonia. 4Agus ċuaiḋ i n-aonḟeaċt leis Sópatér Mac Ṗirruis, ó Ḃeréa; agus Aristarċus agus Secundus Tessalónais; agus Gaius ó Ḋerḃé, agus Tímoteus; agus Tuċicus agus Troṗimus, beirt Ásiánaċ. 5Ċuadar san róṁainn agus d’ḟanadar linn i dTróas.
6Agus do ċuamair-ne ar luing ó Ṗilippí, tar éis laeṫanta an aráin gan giost, agus ḃíomair ċúig lá ag teaċt go Tróás agus d’ḟanamair ann seaċt lá.
7Ansan, an ċéad lá de’n tseaċtṁain do ṫánamair i ḃfoċair a ċéile ċun arán do ḃrise, agus ḃí Pól ag taḃairt teagaisg dóiḃ, mar ḃí sé le h-imṫeaċt ar maidin amáireaċ a ḃí ċúġainn, agus do lean sé ar an dteagasg go meaḋon oiḋċe.#20:7 Ver. 7. an ċéad lá de’n tseaċtṁain Míníġid Chrusostom Naoṁṫa, agus a lán eile de luċt sgrúduiġṫe an Sgriptúra, i dtaoḃ na ḃfocal san go raiḃ na Críostaiḋṫe, um an dtaca san féin tar éis lae na Sabbóide do ċur i dtusaċ na seaċtṁaine (.i. ar an ndoṁnaċ), mar atá sé anois ag na Críostaiḋṫiḃ go léir. Is deiṁin gur le h-úġdarás na h-Eagailse a deineaḋ an t-aṫarú san. Mar sin do ḋein sí úsáid dé’n cóṁaċt a ḃí taḃarṫa ag an dTiġearna ḋi, óir is é Rí an Doṁnaiġ é. 8Aċ ḃí lóċrainn ár ndóṫin againn sa tseómra mór ’na raḃmair cruinniġṫe. 9Agus ḃí ḃuaċaill dár ḃ’ ainim Eútuċur ’n-a ṡuiḋe ar an ḃfinneóig, agus ṫuit sé ’n-a ċodla go sáṁ an ḟaid a ḃí Pól ag cainnt. Le truime a ċodlata do ṫuit sé síos ó’n dtríṁaḋ loċta agus do tógaḋ suas marḃ é. 10Aċ do ċuaiḋ Pól síos ċuige agus do luiġ sé anuas air agus ċuir sé a láṁa ’n-a ṫímpull agus duḃairt sé: Ná bíoḋ ceist oraiḃ. Tá a anam ann. 11Ansan ċuaiḋ sé suas agus ḃris sé arán agus do ḃlais. agus dein sé cainnt ar feaḋ aḃfad, go dtáinig an solus, agus ansan d’imṫiġ sé. 12Agus do rugadar leó an buaċaill, agus é ḃeó, agus níor ḃeag é a n-áṫas.
13Ansan do ċuamair-ne ar an luing agus ṡeólamair go h-Assos, i dtreó go mbéarfaimís Pól linn ó’n áit sin, óir sin mar a ḃí socair aige, agus go raġaḋ sé féin ann ar tír. 14Agus ṫáinig sé ċúġainn i n-Assos agus ṫógamair ċúġainn é agus ṫanamair go Mitiléné. 15Agus ṡeólamair ó’n áit sin agus ṫánámair, amáireaċ a ḃí ċúġainn, ar aġaiḋ Ċíos amaċ agus an lá ’n-a ḋiaiḋ san do ṡroiseamair Sámos, agus an lá ’n-á ḋiaid san airís do ṫánamair go Milétus; 16Óir do ḃí Pól ceapaiṫe ar ṡeólaḋ ṫar Eṗesus i dtreó ná curfí aon ríġneas air sa n-Ásia, mar ḃí diṫineas air ċun, dá mb’ ḟéidir dó é, lá na Cíngcíse#20:16 .i. lá an Spioraid Naoiṁ do ṫeaċt. ṫaḃairt i n-Ierúsalem.
17Aċ do ċuir sé teaċtaireaċt ó Ṁilétus go h-Eṗesus ’ġá ráḋ le sinnsearaiḃ na h-eagailse teaċt ċuige. 18Ṫánadar, agus nuair á ḃíodar ’n-a láṫair duḃairt sé leó:
Is eól daoiḃse conus mar atá an aimsir go léir taḃarṫa agam i nḃúr ḃfoċair ó’n gcéad lá a ṫánag isteaċ sa n-Ásia, 19Agus me ag déanaṁ seirḃíse Dé le fíosúṁluiġeaċt, ag sile deór, agus ag fulag na dtrioblóidí a ṫáinig orm tré ċeilgiḃ na n-Iúdaċ; 20Conus mar nár ċimeádas siar aon níḋ de sna neiṫiḃ a ḃí tairḃṫeaċ daoiḃ, gan iad a ṫeagasg daoiḃ go puibilíḋe agus i nḃúr dtiġṫiḃ, 21agus me ag deiṁniú aiṫriġe ċun Dé, agus creidiṁ i n-ár dTiġearna Íosa Críost, do Iúdaíġ agus do Ġeintiḃ.
22Agus féaċ táim ag dul go Ierúsalem fé ċeangal na spioraide, agus ní fios dom cad ’tá le h-imṫeaċt orm ann, 23Aċ go ḃfuil an Spioraid Naoṁ ag laḃairt liom coitċianta, ins na caṫraċaiḃ go léir, ’ġá ráḋ liom gur slaḃraí agus pionóisí atá am ċóir i n-Ierúsalem. 24Aċ ní h-eagal liom aon níḋ ḋíoḃ san ná ní ṁeasaim gur mó is fiú mo ḃeaṫa ’ná me féin, aċ go gcoṁlíonfad mo ṫurus, agus seirḃís an ḃréiṫir, a fuaras ó’n dtiġearna Íosa, fiaḋnuise ḋéanaṁ ar ṡoisgéal ġrásta Dé. 25Agus féaċ anois, is eól dóṁsa ná feicfiḋ siḃ mo ġnúis a ṫuille, siḃse go léir n-a ḃfuil siúḃalṫa i nḃúr measg agam ag craoḃsgaoile riġeaċta Dé.
26D’á ḃríġ sin cuirim a ḟiaḋnuise oraiḃre, sa lá so atá indiu againn, go ḃfuilim glan ar ċuid fola gaċ duine, 27Mar níor staonas ó ċoṁairle Dé do ċur i n-iúil daoiḃ go h-iomlán. 28Tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spioraid Naoṁ siḃ i n-ḃúr n-easbogaiḃ ag riaġlaḋ eaglaise Dé a ċeannuiġ sé le n-a ċuid fola féin. 29Tá ’ḟios agamsa go dtiocfaiḋ isteaċ i n-ḃúr measg, nuair a ḃeadsa imiġṫe, faolċoin ċraosaċa, agus ná staonfaid siad ó’n dtréad. 30Agus eireóċaid, oraiḃ féin, fir a laḃarfaid neiṫe tuaṫalaca, ċun deisgiobul a ṫarrac n’a ndiaiḋ. 31D’á ḃríġ sin déinid faire, agus cimeadaiḋ i nḃúr gcuiṁne conus mar nár stadas ar feaḋ trí mblian, do ló ná d’oiḋċe, aċ ag cóṁairliú an uile ḋuine agaiḃ agus deóra le m’ṡúiliḃ.
32Agus anois tugaim suas do Ḋia siḃ agus do ḃriaṫar a ġrásta, ó’s ar a ċumas atá an obair do ċríoċnú agus an oiġreaċt a ṫaḃairt daoiḃ ameasg na naoṁ go léir. 33Níor ṡanntuiġeas airgead ná ór ná éadaċ aon duine, 34Mar is eól daoíḃ féin, #1 Cor. 4:12; 2 Tess. 3:8.gurab iad an dá láiṁ seo ṡoláṫair gaċ a raiḃ riaċtanaċ dom féin agus do sna daoine atá am ḟoċair. 35Tá gaċ aon níḋ taisbeánta agam daoiḃ, gur ag obair ar an gcuma san is ceart dúinn fóiriṫint ar na daoine laga, agus cuiṁneaṁ ar ḃriaṫar an Tiġearna Íosa mar go nduḃairt sé féin: Is mó an t-aoiḃneas go mór rud a ḃronnaḋ ná rud a ġlacaḋ.
36Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋce aige do leog sé é féin ar a ġlúiniḃ agus ḋein sé guiḋe ċun Dé ’n-a dteannta go léir. 37Ansan ḃíodar go léir ag gol go fuíġeaċ agus ag cur a láṁ tímpal ar ṁuinéal Ṗóil agus ’ġá ṗógaḋ, 38Ag déanaṁ buarṫa go mór mar ġeall ar an ḃfocal aduḃairt sé, ná feicfidís a ġnúis a ṫuille. Agus ḋeineadar é ṫionnlacan síos ċun na luinge.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 20: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in