YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 4

4
Salm 4.
Cum invocarem.
1Éist le mo ġlaoċ, a Ḋia mʼḟíréantaċta: is tú a dʼḟuascail mé as mo ḃuaireaṁ; glac trócaire dom, agus taḃair cluas dom urnaí.
2A ċlann na ndaoine, cá ḟad a gcuirfiḋ siḃ droċ‑ċlú ar mʼonóir: cá ḟad a ḃeiḋ an dúil sin agaiḃ sa ḃaoṫántaċt, agus a raċaiḋ siḃ i ndiaiḋ na mbréag?
3Agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, gur ṫoġ an Tiarna dó féin an duine atá diaganta: nuair a ġlaoim ar an Tiarna taḃarfaiḋ sé cluas dom.
4Ná ligeaḋ an eagla daoiḃ peaca a ḋéanaṁ: laḃraígí le ḃur gcroí, agus in ḃur seomra, agus bíoḋ suaiṁneas oraiḃ.
5Toirḃrígí íobairt na fíréantaċta: agus bíoḋ muinín agaiḃ as an Tiarna.
6Is iomaí duine á rá: cé a ṫaispeánfaiḋ dúinn an séan?
7 # 4:7 Le canaḋ gan sos láir. Aċ tóg tusa, a Ṫiarna, solas do ġnúise orainn.
8Is mó an lúċáir a ċuir tú ar mo ċroí: ná an lúċáir a ḃíos ar ḋaoine, in am méadaiṫe an aráin agus an ḟíona.
9Luífiḋ mé síos i síoċáin, agus cuirfead mo ṫuirse díom: óir is tú aṁáin, a Ṫiarna, a ċuṁdaíos mo ḃeaṫa ó ḃaol.

Currently Selected:

Na Sailm 4: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in