YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 3

3
Salm 3.
Domine, quid multiplicati?
1A Tiarna, conas a méadaíoḋ luċt mo ḃuarṫa: is iomaí duine ag éirí amaċ im éadan.
2Is iomaí duine á rá i dtaoḃ mʼanma: ní caḃair ar biṫ dó a Ḋia.
3Aċ is tusa, a Ṫiarna, mo ċosantóir: is tú a ṫuilleas clú dom agus a ṫógas mo ċeann.
4Ġlaoiġ mé ar an Tiarna os ard: agus ċuala sé mé amaċ as a ṡliaḃ naofa.
5Ċuaiġ mé a ċodlaḋ, agus dʼéiriġ mé arís: óir dob é an Tiarna a ċoṫaiġ mé.
6Ní eagal liom deiċ míle de na daoine: agus iad dom ionsaí ó gaċ taoḃ.
7Éiriġ, a Ṫiarna, cuidíoḋ mo Ḋia liom: ó ḃuaileann tú mo naiṁde uile ar ċnáṁ an ġéill; tá fiacla luċt an oilc briste agat.
8Is leis an Tiarna an slánú: agus bíonn do ḃeannaċt ar do ṁuintir.

Currently Selected:

Na Sailm 3: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in