Na Sailm 39
39
Salm 39.
Dixi, custodiam.
1Is é a dúirt mé, beiḋ mé aireaċ faoi mo ṡlite: ionas naċ bpeacaí mé lem ṫeanga.
2Cuirfiḋ mé mar ḃeaḋ srian le mo ḃéal: ċoṁ fada agus bíonn fear an oilc ar mʼaṁarc.
3Ċosc mé mo ṫeanga, gan aon ní a rá: dʼḟan mé i mo ṫost, ó na dea‑ḃriaṫra féin, aċ ba é sin fáṫ mo ṗéine agus mo ḃróin.
4Ṫéiġ an croí ionam, agus nuair a ḃí mé ar na smaointe seo dʼḟadaiġ an tine: agus laḃair mé faoi ḋeoiḋ le mo ṫeanga.
5A Ṫiarna, taḃair fios feasa mo ċríċe déanaí dom, agus uiṁir mo laeṫanta: go mbí dearḃú agam cad é an fad saoil atá i ndán dom.
6Féaċ, dʼḟág tú mar ḃeaḋ fad réise i mo laeṫanta; agus níl im aois aċ neaṁní os do ċoṁair: agus i ḃfírinne níl aċ díoṁaoineas in aon duine dá maireann.
7Óir siúlann an duine ina scáil ḟolaṁ, agus is díoṁaoin a ḃíonn sé á ḃuaireaṁ féin: ag carnaḋ saiḃris, agus gan a ḟios aige cé a ċruinneos é.
8Agus anois, a Ṫiarna, cá ḃfuil mo ḋóċas: dar mʼḟírinne is ionat féin atá mo ḋóċas.
9Fuascail mé ó mo ċionta uile: agus ná lig dom ḃeiṫ im aċasán ag na hamadáin.
10Dʼéiriġ mé balḃ, agus níor oscail mé mo ḃéal: óir ba tú a rinne é.
11Tóg do ṗlá uaim: táim cloíte ar fad ag trom‑ṁeáċain do láiṁe.
12Nuair a smaċtaíonn tú an duine le haċasán ar son a ṗeaca, bíonn a ṁaise á cnoí agat, mar éadaċ á iṫe ag leaṁan: níl in aon duine mar sin aċ díoṁaoineas.
13Éist le mo ġuí, a Ṫiarna, agus tugaḋ do ċluasa éisteaċt do mo ġlaoċ: ná fan i do ṫost faoi mo ḋeora.
14Óir táim agat i mo ḋeoraí: agus i mo ḋíṫreaḃaċ, mar ḃí mʼaiṫreaċa go léir.
15Lig dom seal beag, go ḃfille mo ċuṁaċt orm: sula n‑imí mé as seo, agus naċ mbí mé le feiceáil feasta.
Currently Selected:
Na Sailm 39: OC1965G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965