YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 38

38
Salm 38.
Domine, ne in furore.
1Ná taḃair aċasán dom, a Ṫiarna id ḟearg: ná smaċtaiġ mé i dteas do ḋíḃeirge.
2Óir tá do ṡaiġeada sáite ionam: agus do láṁ anuas orm go trom.
3Níl aon ḟónaṁ ar mo ċolainn, de ḃrí do ḋíḃeirge: ná ní ḟaiġeann mo ċnáṁa suaiṁneas de ḃarr mo ṗeaca.
4Óir dʼéiriġ mo ṁíġníoṁarṫa os mo ċionn: agus táid mar ṫrom‑ualaċ, a sáraíonn sé orm a iompar.
5Tá mo ċneáċa bréan, lofa: de ḃarr mo ḋíċéille.
6Lena dtáinig orm de ḃrón agus de ḃuaireaṁ: bím ag imeaċt faoi ḋólás dá mbʼḟada an lá.
7Óir tá mo leasraċa líonta de ḋroċaicíd: agus ní slán aon ḃall de ḃaill mo ċoirp.
8Táim lag, agus is géar mo ġoin: lig mé béic asam le buaireaṁ mo ċroí.
9A Ṫiarna, is feasaċ duit mian mo ċroí: agus ní ċeiltear ort na hosnaí a ṫarraingím.
10Tá mo ċroí ag bualaḋ go tiuḃ, agus táim in easpa ḃrí: agus dallaḋ solas moṡúl.
11Ṡeas mo ċairde agus mo ċoṁarsana ag aṁarc ar mo ḃuaireaṁ: agus ṡeas mo luċt gaoil i ḃfad uaim.
12Ḃí fós an dream a raiḃ mʼanam uaṫu ag cur dola roṁam: agus an dream a ḃí le mo ḋoċar ag canaḋ urċóide agus ag beartú feille dá mbʼḟada an lá.
13Agus ḃí mise mar ḃoḋrán, agus níor ċuala mé iad: agus mar ḃalḃán naċ ḃfosclann a ḃéal.
14Ḃí mé mar ḟear naċ ḃfuil éisteaċt aige: ná aisḟreagra ina ḃéal.
15Óir is ionat, a Ṫiarna, a ċuir mé mo ḋóċas: is tú a ḟreagrós ar mo ṡon, mo Ṫiarna Dia.
16Ba é mʼiarratas naċ maífeaḋ an drong sin mo naiṁde a mbua orm: óir nuair a ṡleaṁnaiġ mo ċos, ċuir sin áṫas mór orṫu im aġaiḋ.
17Agus, i ḃfírinne, is buan faoin bplá mé: agus bíonn mo ṫuirse de ṡíor faoi mo ṡúil.
18Óir adṁóiḋ mé mʼurċóid: agus beiḋ brón orm faoi mo ṗeaca.
19Aċ bíonn mo naiṁde beo bríoṁar: agus is mór méid an dreama a ṫug fuaṫ dom gan fáṫ.
20Agus an dream a ṫugann an t‑olc in aġaiḋ na maiṫeasa, táid im éadan: de ḃrí go leanaim dá ḃfuil maiṫ.
21Ná tréig mé, mo Ṫiarna Dia: ná fan i ḃfad uaim.
22Déan deifir agus cuidiġ liom: a Ṫiarna Dia mo ṡlánaiṫe.

Currently Selected:

Na Sailm 38: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in