YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 9

9
Caibidil IX
Ḃeir Críost a raḋarc do’n duine a rugaḋ dall.
1Agus ag dul ṫart do Íosa, ċonnaic sé duine a ḃí dall ó rugaḋ é:
2Agus d’ḟiafruiġ a ḋeisciobail de: A Rabbi, cé ṗeacuiġ, é seo, nó a aṫair agus a ṁáṫair, ionnas go rugaḋ dall é?
3D’ḟreagair Íosa: Níor ṗeacuiġ sé seo, ná a aṫair agus a ṁáṫair: aċt ċun go ḃfoillsiġtí oibreaċa Dé ann.
4Is éigean daṁ-sa oibreaċa an té a ċuir uaiḋ mé a ḋéanaṁ, a ḟad agus tá an lá ann: tá an oiḋċe ag teaċt, nuair naċ féidir do ḋuine ar biṫ obair a ḋéanaṁ.
5A ḟad agus tá mé ar an tsaoġal, is mé solus an tsaoġail.
6Nuair a duḃairt sé seo, ċaiṫ sé amaċ seileog ar an talaṁ, agus rinne sé cré de’n tseileoig, agus ċuimil sé an ċré ar a ṡúla,
7Agus ḋuḃairt sé leis: Imṫiġ, niġ i linn Ṡiloe, (rud a ċialluiġeas, Curṫa). D’imṫiġ sé, mar sin, agus niġ sé, agus ṫáinic sé agus aṁarc na súl aige.
8Ar an aḋḃar sin, duḃairt na cóṁarsain, agus na daoine a ċonnaic é roiṁe sin, agus é ag iarraiḋ déirce: Naċ é seo an té a ḃíoḋ ina ṡuiḋe, agus é ag iarraiḋ déirce? Deireaḋ cuid acu: Is é seo é.
9Aċt cuid eile: Ní h-é ar ċor ar biṫ, aċt tá sé cosaṁail leis. Aċt duḃairt sé féin: Is mise é.
10Duḃairt siad leis, dá ḃríġ sin: Cad é mar fosclaḋ do ṡúla?
11D’ḟreagair sé: Rinne an duine úd, dá ngoirtear Íosa, cré: agus ċuimil sé mo ṡúla, agus duḃairt liom: Imṫiġ go linn Ṡiloe, agus niġ. Agus d’imṫiġ mé, agus niġ, agus tċím.
12Agus duḃairt siad leis: Cá ḃfuil sé? Deir seisean: Ní ḟuil a ḟios agam.
13Ḃeir siad leo ċuig na Fairisíniġ an té seo a ḃíoḋ dall.
14Agus ḃí an tsabóid ann nuair a rinne Íosa an ċré, agus d’ḟoscail sé a ṡúla.
15Ar an aḋḃar sin, d’ḟiafruiġ na Fairisíniġ arís de cad é mar fuair sé aṁarc na súl. Agus duḃairt seisean leo: Ċuir sé cré ar mo ṡúla, agus niġ mé, agus tċím.
16Ar an aḋḃar sin duḃairt cuid de na Fairsíniġ: Ní ó Ḋia an duine seo naċ gcongḃuiġeann an tsabóid. Aċt duḃairt cuid eile: Cad é mar is féidir do ḋuine ṗeacṫaċ na míorḃailte seo a ḋéanaṁ? Agus ḃí siosma eatorṫa.
17Deir siad arís leis an dall, dá ḃríġ sin: Cad é deir tusa fá’n té úd a d’ḟoscail do ṡúla? Agus duḃairt seisean: Is fáiḋ é.
18Ar an aḋḃar sin, níor ċreid na h-Iúdaiġ fá dtaoiḃ de, go raiḃ sé dall agus go ḃfuáir sé a raḋarc, go dtí gur ġoir siad ċuca aṫair agus máṫair an té a fuair a raḋarc,
19Agus gur ḟiafruiġ siad díoḃ, ag ráḋ: An é seo ḃur mac a deir siḃ a rugaḋ dall? Dá ḃríġ sin, cad é mar tá a raḋarc anois aige?
20Duḃairt a aṫair agus a ṁáṫair leo, ġá ḃfreagairt: Tá a ḟios againn gurab é seo ár mac, agus go rugaḋ dall é:
21Aċt cad é mar tċí sé anois, ní fios dúinn: ná ní fios dúinn cé d’ḟoscail a ṡúla: fiafruiġigiḋ de féin: tá aois aige, laḃraḋ sé ar a ṡon féin.
22Duḃairt a aṫair agus a ṁáṫair sin, de ḃríġ go raiḃ eagla orṫa roiṁ na h-Iúdaiġ. Óir ṡocruiġ na h-Iúdaiġ eatorṫa féin roiṁe sin, go gcuirfiḋe amaċ as an tsineagóig duine ar biṫ a d’adṁóċaḋ gurḃ eisean Críost.
23Ar an aḋḃar sin, duḃairt a aṫair agus a ṁáṫair: Tá aois aige, fiafruiġigiḋ de féin.
24Ar an aḋḃar sin, ġoir siad ċuca arís an duine a ḃíoḋ dall, agus duḃairt siad leis: Taḃair glóir do Ḋia: tá a ḟios againne gur peacaċ an duine seo.
25Duḃairt seisean leo, dá ḃríġ sin: Má’s peacaċ é, ní ḟuil a ḟios sin agam-sa: is eol daṁ aon níḋ aṁáin, go ḃfuil mise i ndiaiḋ ḃeiṫ dall, agus go ḃfeicim anois.
26Ar an aḋḃar sin, duḃairt siad leis: Cad é rinne sé leat? Cád é mar d’ḟoscail sé na súla duit?
27D’ḟreagair sé iad: D’innis mé díḃ ċeana féin, agus ċuala siḃ: cad ċuige ar mian liḃ a ċluinstin arís? An aṁlaiḋ gur mian liḃ-se fosta a ḃeiṫ i ḃur ndeisciobail aige?
28Ṫug siad aċṁusán dó, dá ḃríġ sin, agus duḃairt: Bí ṫusa i do ḋeisciobal aige: aċt is deisciobail Ṁaoise sinne.
29Tá a ḟios againn gur laḃair Dia le Maoise: aċt ní ḟuil a ḟios againn cá h-as do’n duine seo.
30D’ḟreagam an duine sin agus duḃairt leo: Go dearḃṫa is iongantaċ an rud é sin, naċ ḃfuil a fios agaiḃ cá h-as dó, agus gur ḟoscail sé mo ṡúla-sa:
31Óir tá a ḟios againn naċ n-éisteann Dia peacaiġ: aċt má beir aoinneaċ onóir do Ḋia agus a ṫoil a ḋéanaṁ, éisteann sé eisean.
32Ó ṫús an tsaoġail níor cluineaḋ gur ḟoscail aoinneaċ súla duine a rugaḋ dall.
33Munarḃ ó Ḋia é seo, ní ṫiocfaḋ leis aon níḋ a ḋéanaṁ.
34D’ḟreagair siad agus duḃairt leis: I bpeacaiḋe a rugaḋ ṫusa ar fad, agus an dtugann tú teagasc dúinne? Agus ċaiṫ siad amaċ é.
35Ċuala Íosa gur ċaiṫ siad amaċ é: agus nuair a fuair sé é, duḃairt sé leis: An gcreideann tú i Mac Dé?
36D’ḟreagair seisean agus duḃairt: Cé h-é eisean, a Ṫiġearna, go gcreidiḋ mé ann?
37Agus duḃairt Íosa leis: Ċonnaic tú é, agus is é seo é atá ag cainnt leat.
38Agus duḃairt seisean: Creidim, a Ṫiġearna. Aguṡ ċaiṫ sé é féin síos go dtug aḋraḋ dó.
39Agus duḃairt Íosa: Ċun breiṫeaṁnais a ṫáinic mise#9, 39 Ċun breiṫeaṁnais a ṫáinic mise, ⁊c. Ní ṫáinic Críost ċun, duine ar biṫ a ḋéanaṁ dall. Aċt ṫarraing na h-lúdaiġ an daille man ḃreiṫeaṁnas orṫa féin leis an droċ-úsáid a rinne siad dá ṫeaċt, agus leis an diúltaḋ a ṫug siad dá ṫeaċtairéaċt. ar an tsaoġal seo: ċun go ḃfeiceaḋ siad sin naċ ḃfeiceann, agus go ndalltaí iad sin atċí.
40Agus ċuala cuid de na Fairisíniġ a ḃí ina ḟoċair, agus duḃairt siad leis: An aṁlaiḋ atá sinne dall fosta?
41Duḃairt Íosa leo: Dá mbéaḋ siḃ dall#9, 41 Dá mbéaḋ siḃ dall, ⁊c. Dá mbéaḋ siad ainḃfiosaċ, agus gan neart acu air, gan na Scrioptúirí léiġte acu, ná iad míorḃailte Ċríost d’ḟeiceáil, ní ḃeaḋ peacaḋ an ainċreidiṁ orṫa. Aċt ó ḃí siad ag maoiḋeaṁ as a n-eolas ar na Scrioptúirí, ḃí siad gan leiṫscéal., ní ḃéaḋ peacaḋ oraiḃ: aċt anois deir siḃ: Tċímid: fanann ḃur bpeacaḋ.

Currently Selected:

Eoin 9: ASN1943G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in