Eoin 10
10
Caibidil X
Is é Críost an doras agus an t-aoḋaire máiṫ. Is aon é féin agus a Aṫair.
1Amén, amén adeirim liḃ: an té naċ dtéid isteaċ ar an doras go cró na gcaoraċ, aċt a ṫéid suas bealaċ eile, is gadaiḋe agus sladaire é.
2Aċt an té a ṫéid isteaċ ar an doras, is aoḋaire na gcaoraċ é.
3Is dó seo a ḟosclas an doirseoir, agus cluineann na caoiriġ a ġuṫ, agus goireann sé ċuige a ċaoiriġ féin fá n-a n-ainmneaċa agus treoruiġeann sé amaċ iad.
4Agus nuair a leigeas sé amaċ a ċaoiriġ féin, téid sé rompa, agus leanann na caoiriġ é, de ḃríġ go n-aiṫneann siad a ġuṫ.
5Aċt ní leanann siad coiṁiġṫeaċ, aċt teiċeann siad uaiḋ: óir ní aiṫneann siad guṫ na gcoiṁiġṫeaċ.
6Laḃair Íosa an tsaṁlaoid sin leo. Aċt níor ṫuig siad cad é ḃí dá ráḋ aige leo.
7Ar an aḋḃar sin, duḃairt Íosa leo arís: Amén, amén, adeirim liḃ, gur mise doras na gcaoraċ.
8An méid a ṫáinic uilig, is gadaiḋṫe agus sladairí iad, agus níor éist na caoiriġ leo.
9Is mise an doras. Má’s tríom-sa a raċas aoinneaċ isteaċ, slánóċar é: agus raċaiḋ sé isteaċ, agus amaċ, agus ġeoḃaiḋ sé beaṫuġaḋ.
10Ní ṫig an gadaiḋe, aċt a ġoid, agus a ṁarḃaḋ, agus a ṁilleaḋ. Ṫáinic mise ċun go mbéaḋ beaṫa acu, agus go mbéaḋ sí acu níos iomláine.
11Is mise an t-aoḋaire maiṫ. Ḃeir an t-aoḋaire maiṫ a ḃeaṫa ar son a ċaoraċ.#Isaias 40, 11; Eséciel 34, 23, agus 37, 24.
12Aċt an buaċaill fostóiḋ, agus an té naċ é an t-aoḋaire é, agus naċ leis féin na caoiriġ, tċí sé an mactíre ag teaċt, agus fágann sé na caoiriġ agus teiċeann sé: agus fuaduiġeann an mactíre na caoiriġ, agus scaipeann sé iad:
13Agus teiċeann an buaċaill fostóiḋ, de ḃríġ gur buaċaill fostóid é, agus naċ ḃfuil áird aige ar an caoiriġ.
14Is mise an t-aoḋaire maiṫ: agus aiṫnim-se mo ċuid féin, agus aiṫneann mo ċuid féin mise.
15Mar aiṫneas m’Aṫair mise, agus aiṫnim-se m’Aṫair:#Mait. 11, 27; Lúc. 10, 22. agus ḃeirim mo ḃeaṫa ar son mo ċuid caoraċ.
16Agus tá caoiriġ eile agam, naċ de’n ċró seo iad: caiṫfiḋ mé iad-san a ṫaḃairt liom mar an gcéadna, agus cluinfiḋ siad mo ġuṫ, agus béiḋ aon ċró aṁáin, agus aon aoḋaire aṁáin, ann.
17Is ar an aḋḃar sin a ġráḋuiġeas m’Aṫair mé: de ḃríġ go dtaḃraim uaim mo ḃeaṫa, ċun go ngaḃainn ċugam arís í.#Isaias 53, 7.
18Ní ṫógann aoinneaċ uaim í: aċt is uaim féin a ḃeirim uaim í, agus tá sé ar mo ċumas í ṫaḃairt uaim: agus tá sé ar mo ċumas í ġaḃáil ċugam arís. Fuair mé an aiṫne sin ó m’Aṫair.
19D’éiriġ conspóid arís imeasc na n-Iúdaċ mar ġeall ar na briaṫra sin.
20Agus duḃairt mórán acu: Tá deaṁan ann, agus tá sé as a ċéill: cad ċuige a n-éisteann siḃ leis?
21Duḃairt cuid eile: Ní briaṫra duine a mbéaḋ deaṁan ann iad seo: an aṁlaiḋ a ṫig le deaṁan súla dall d’ḟosclaḋ?
22Agus ṫárla Féile na Toirḃirte i n-Ierusalem:#1 Maċab. 4, 56, agus 59. agus ḃí an geiṁreaḋ ann.
23Agus ḃí Íosa ag siuḃal san teampall, i bpóirse Ṡalomoin.
24Ar an aḋḃar sin, ċruinniġ na h-Iúdaiġ ṫart timċeall air, agus duḃairt siad leis: Cá ḟad a ḃéas ár n-anam i mbroid agat? Má’s tú an Críost, innis dúinn é go soiléir.
25D’ḟreagair Íosa iad: Laḃraim liḃ, agus ní ċreideann siḃ: na h-oibreaċa a ġním i n-ainm m’Aṫar, ḃeir siad fiaḋnaise orm:
26Aċt ní ċreideann siḃ-se, de ḃríġ naċ de mo ċaoiriġ-se siḃ.
27Éisteann mo ċaoiriġ-se le mo ġuṫ: agus aiṫnim-se iad, agus leanann siad mé:
28Agus ḃeirim-se beaṫa ṡíorraiḋe dóíḃ: agus ní ċaillfear go deo iad, agus ní ḟuadóċaiḋ aoinneaċ as mo láiṁ iad.
29Tá an níḋ a ṫug m’Aṫair daṁ níos mó ná gaċ uile níḋ: agus ní ṫig le h-aoinneaċ fuadaċ as láiṁ m’Aṫar.
30Is aon mise agus an t-Aṫair#10, 30 Is aon mise agus an t-Aṫair. Is é sin le ráḋ, aon nádúir aṁáin ḋiaḋa, aċt ḋá ṗearsain eidirḋealuiġṫe..
31Ar an aḋḃar sin, ṫóg na h-Iúdaiġ cloċa le n-a gcaiṫeaṁ air.
32D’ḟreagair Íosa iad: Ṫaisbeán mé mórán déaġ-oibreaċa díḃ ó m’Aṫair; cé acu obair díoḃṫa a ḃfuil siḃ ag gaḃáil do ċloċa ionnam mar ġeall uirṫí?
33D’ḟreagair na h-Iúdaiġ é: Ní mar ġeall ar ḋéaġ-obair atámuid ag gaḃáil do ċloċa ionnat, aċt mar ġeall ar ḋiaṁasla: agus de ḃríġ go ndéan tú Dia díot féin, agus tú i do ḋuine.
34D’ḟreagair Íosa iad: An é naċ ḃfuil sé scríoḃṫa i ḃur ndliġe: Duḃairt mé gur déiṫe siḃ?#Sailm 81, 6.
35Má ṫug sé déiṫe orṫa siúd, ar laḃraḋ briaṫar Dé leo, agus naċ féidir an scrioptúir a ċur ar neiṁníḋ:
36An abair siḃ leis an té a rinne an t-Aṫair a naoṁuġaḋ agus a ċur ar an tsaoġal: Tá diaṁasla dá ḋéanaṁ agat: de ḃríġ gur ḋuḃairt mé: Is mise Mac Dé?
37Muna ndéanaim oibreaċa m’Aṫar, ná creidigiḋ mé.
38Aċt má ġním: agus muna mian liḃ mise a ċreidḃeáil, creidigiḋ na h-oibreaċa, ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ, agus go gcreidiḋ siḃ, go ḃfuil an t-Aṫair ionnam-sa, agus mise san Aṫair.
39Ar an aḋḃar sin, ḃí siad i ḃfáṫaċ le breiṫ air: agus d’éaluiġ sé as a láṁa.
40Agus d’imṫiġ sé arís trasna na h-Iordáine go dtí an áit sin ina mbíoḋ Eoin ag baisteaḋ ar dtús: agus d’ḟan sé annsin.
41Agus ṫáinic mórán ċuige: agus duḃairt siad: Ní ḋearna Eoin aon ṁíorḃail ar biṫ,
42Aċt na h-uile neiṫe dár ḋuḃairt Eoin fá dtaoiḃ de seo, b’ḟíor iad. Agus ċreid mórán ann.
Currently Selected:
Eoin 10: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland