Eoin 21
21
Caibidil XXI
Taisbeánann Críost é féin dá ḋeisciobail cois na fairrge, agus cuireann sé cúram a ċuid caoraċ ar Ṗeadar.
1Ina ḋiaiḋ seo ṫaisbeán Íosa é féin arís do na deisciobail ag muir Ṫiberiais. Agus is seo mar a ṫaisbeán:
2Ḃí Síomon Peadar, agus Tomás, dá ngoirtear Didimus, agus Natanael, arḃ as Cána na Gailile dó, agus clann Ṡebede, agus beirt eile dá ḋeisciobail, i ḃfoċair a ċéile.
3Deir Síomon Peadar leo: Tá mise ag dul a iascaireaċt. Deir siad-san leis: Támuid-ne fosta ag dul leat. Agus d’imṫiġ siad, agus ċuaiḋ siad isteaċ san luing: agus an oiḋċe sin níor ġaḃ siad dadaṁ.
4Agus nuair a ṫáinic an ṁaidin, ḃí Íosa ina ṡeasaṁ ar an tráiġ: aċt ní raiḃ a ḟios ag na deisciobail gur Íosa a ḃí ann.
5Ar an aḋḃar sin, duḃairt Íosa leo: A ṗáistí, an ḃfuil biaḋ ar biṫ agaiḃ? D’ḟreagair siad-san é: Ní ḟuil.
6Deir sé leo: Cuirigiḋ an eangaċ ar an taoiḃ ḋeis de’n luing: agus ġeoḃaiḋ siḃ. Ċuir siad, dá ḃríġ sin: agus anois ní raiḃ siad ábalta a tarraingt, ḃí an oiread sin iasc inntí.
7Ar an aḋḃar sin, duḃairt an deisciobal sin, a b’ionṁuin le h-Íosa, le Peadar: Is é an Tiġearna atá ann. Nuair a ċuala Síomon Peadar gurḃ é an Tiġearna a ḃí ann, ċuir sé a ċasóg fá dtaoiḃ de (óir ḃí sé tárnoċt) agus ċaiṫ sé é féin san ḟairrge.
8Aċt ṫáinic na deisciobail eile san luing: (óir ní raiḃ siad i ḃfad ó’n talaṁ, aċt tuairim ar ḋá ċéad bannláṁ), agus iad ag tarraingt na h-eangaiġe lán d’éisc.
9Ar an aḋḃar sin, nuair a ṫáinic siad i dtír, ċonnaic siad aiḃleoġaí ina luiġe ann, agus iasc leagṫa orṫa, agus arán.
10Deir Íosa leo: Taḃairigiḋ annseo cuid de na h-éisc a ġaḃ siḃ anois.
11Ċuaiḋ Síomon Peadar suas, agus ṫarraing i dtír an eangaċ, lán d’éisc ṁóra, céad trí déag agus daiċead. Agus giḋ go raiḃ an oiread sin ann, níor briseaḋ an eangaċ.
12Deir Íosa leo: Taraigiḋ, agus iṫigiḋ. Agus ní raiḃ sé de ċroiḋe i n-aoinneaċ dá raiḃ ag caiṫeaṁ bíḋ a ḟiafruiġe de: Cé ṫú féin? óir ḃí a ḟios acu gurḃ é an Tiġearna é.
13Agus tig Íosa, agus glacann sé an t-arán, agus ḃeir sé dóiḃ, agus an t-iasc mar an gcéadna.
14Is é seo anois an tríoṁaḋ h-uair a ṫaisbeán Íosa é féin dá ḋeisciobail i ndiaiḋ a eiséirġe ó ṁarḃaiḃ.
15Ar an aḋḃar sin, nuair a ḃí biaḋ caiṫte acu, deir Íosa le Síomon Peadar: A Síomoin, a ṁic Eoin, an annsa leat-sa mise ná leo seo? Deir seisean leis: Cinnte, a Ṫiġearna, tá a fios agat gur ionṁuin liom ṫú. Deir sé leis: Beaṫuiġ mo ċuid uan.
16Deir sé leis aṫuair: A Ṡíomoin, a ṁic Eoin, an ionṁuin leat mé? Deir seisean leis: Cinnte, a Ṫiġearna, tá a ḟios agat gur ionṁuin liom ṫú. Deir sé leis: Beaṫuiġ mo ċuid uan.
17Deir sé leis an tríoṁaḋ h-uair: A Síomoin, a ṁic Eoin, an ḃfuil gráḋ agat daṁ? Ṫáinic brón ar Ṗeadar, de ḃríġ gur duḃairt sé leis an tríoṁaḋ h-uair: An ḃfuil gráḋ agat daṁ? Agus duḃairt sé leis: A Ṫiġearna, tá fios na n-uile neiṫe agat: tá a ḟios agat go ḃfuil gráḋ agam duit. Duḃairt sé leis: Beaṫuiġ mo ċuid caoraċ#21, 17 Beaṫuiġ mo ċuid caoraċ. Ġeall ár dTiġearna an ceannas spioradálta do Naoṁ Peadar: N. Mait. 16, 19. Tá sé ag cóiṁlíonaḋ na geallaṁna sin annseo tré ċur cúram a ċuid caoraċ go léir air. Dá ḃríġ sin, tá sé ag cur cúram a ṫréada go léir air, is é sin, tá sé ag taḃairt ċeannais dó ṫar iomlán na h-Eaglaise, eadar ċléir agus tuataí..
18Amén, amén adeirim leat: nuair a ḃí tú ní b’óige, ċuirṫeá féin do ċrios ort, agus ṡiuḃalṫá san áit a ba ṫoil leat: aċt nuair a ḃéas tú sean, sínfiḋ tú amaċ do láṁa, agus cuirfiḋ duine eile do ċrios ort, agus treoróċaiḋ sé ṫú i n-áit naċ toil leat.#2 Pead. 1, 14.
19Agus duḃairt sé sin le cur i n-iúl cad é an cinéal báis le n-a dtaḃarfaḋ sé glóir do Ḋia. Agus nuair a ḃí sin ráiḋte aige, deir sé leis: lean mise.
20Ṫionntuiġ Peadar ṫart, agus ċonnaic sé an deisciobal sin a b’ionṁuin le h-Íosa ġá leanaṁaint (an té a luiġ ar a uċt ag an tsuipéar, agus a duḃairt: A Ṫiġearna, cé h-é an té atá ag dul do ḃraṫ?)
21Nuair a ċonnaic Peadar é seo, dá ḃríġ sin, duḃairt sé le h-Íosa: A Ṫiġearna, agus cad é fá dtaoiḃ de seo?
22Deir Íosa leis: Má’s toil liom-sa é fanaċt go dtigiḋ mé, cad é sin duit-se? lean ṫusa mé.
23Ar an aḋḃar sin ċuaiḋ an scéal seo amaċ imeasc na mbráiṫ-reaċ, naċ ḃfaġann an deisciobal sin bás. Agus níor ḋuḃairt Íosa leis: Ní ḟaġann sé bás, aċt: Má’s toil liom-sa é fanaċt go dtigiḋ mé, cad é sin duit-se?
24Agus seo é an deisciobal sin atá ag taḃairt ḟiaḋnaise ar na neiṫe sin, agus a scríoḃ na neiṫe sin: agus tá a ḟios againn go ḃfuil a ḟiaḋnaise fíor.
25Agus tá mórán neiṫe eile ann fosta a rinne Íosa: agus dá scríoḃṫaí gaċ aon ċeann acu, sílim nárḃ ḟéidir do’n doṁan féin, na leaḃarṫaí a ḃéaḋ le scríoḃaḋ, a ċongḃáil.
Currently Selected:
Eoin 21: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland