Eoin 20
20
Caibidil XX
Éiriġeann Críost ó na mairḃ, agus taisbeánann sé é féin dá ḋeisciobail.
1Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain,#Mait. 28, 1; Marc. 16, 1; Lúc. 24, 1. tig Máire Magdailéin ċun an tuamba ar maidin, nuair a ḃí an dorċadas ann go fóill: agus ċonnaic sí an ċloċ tógṫa de’n tuamba.
2Riṫ sí ar an aḋḃar sin, agus tig sí ċuig Síomon Peadar, agus ċuig an deisciobal eile, a b’ionṁuin le h-Íosa, agus deir sí leo: Ṫóg siad an Tiġearna as an tuamba, agus ní ḟuil a ḟios againn cár ċuir siad é.
3Ar an aḋḃar sin, ċuaiḋ Peadar, agus an deisciobal eile sin, amaċ, agus ṫáinic siad ċun an tuamba.
4Agus riṫ siad a mbeirt i n-aoinḟeaċt, agus ḃain an deisciobal eile sin bárr reaṫa de Ṗeadar, agus ṫáinic sé ar toiseaċ go dtí an tuamba.
5Agus nuair a ċrom sé, ċonnaic sé na línéadaiġe ina luiġe ann, aċt ní ḋeaċaiḋ sé isteaċ.
6Tig Síomon Peadar, dá ḃríġ sin, ina ḋiaiḋ, agus ċuaiḋ sé isteaċ san tuamba, agus ċonnaic sé na línéadaiġe ina luiġe ann,
7Agus an t-éadaċ a ḃí ar a ċionn, gan é leagṫa i dteannta na línéadaċ, aċt cuaċta i n-aon áit aṁáin leis féin.
8Annsin ċuaiḋ an deisciobal sin a ṫáiniċ a ċéáḋraḋ ċun an tuamba isceaċ fosta: agus ċonnaic sé, agus ċreid sé:
9Óir níorḃ ḟios dóiḃ go fóill an Scrioptúir, gurḃ éiġean dó éirġe arís ó ṁarḃaiḃ.
10Ar an aḋḃar sin, d’imṫiġ na deisciobail aḃaile arís.
11Agus ḃí Máire ina seasaṁ amuiġ cois an tuamba,#Mait. 28, 1; Marc. 16, 5; Lúc. 24, 4. aġ caoineaḋ: le linn dí a ḃeiṫ ag gol, dá ḃríġ sin, ċrom sí í féin, agus d’aṁarc sí isteaċ san tuamba:
12Agus ċonnaic sí ḋá aingeal i n-éadaiġe geala ina suiḋe, aingeal acu i n-áit an ċinn, agus aingeal acu i n-áit na geos, mar a raiḃ corp Íosa curṫa.
13Deir siad léi: A ḃean, cad ċurge a ḃfuil tú ag caoineaḋ? Deir sí leo: De ḃríġ gur ṫóg siad leo mo Ṫiġearna: agus ní ḟuil a ḟios agam cár ċuir siad é.
14Nuair a ḃí sin ráiḋte aice, ṫionntuiġ sí ṫart, agus ċonnaic sí Íosa ina ṡeasaṁ ann: agus ní raiḃ a ḟios aice gurḃ é Íosa é.
15Deir Íosa léi: A ḃean, cad ċuige a ḃfuil tú ag caoineaḋ? Cé tá tú a ċuartuġaḋ? Mar gur ṡíl sí gurḃ é an garrḋadóir é, deir sí leis: A ḋuine ċóir, má’s tusa a ṫug ar ṡiuḃal é, innis daṁ cár ċuir tú é, agus ḃéarfaiḋ mise liom é.
16Deir Íosa léi: A Ṁáire. Ṫionntuiġ sise, agus deir leis: Rabboni (is é sin le ráḋ, a Ṁáiġistir).
17Deir Íosa léi: Ná bain liom, óir ní ḋeaċarḋ mé suas ċuig m’Aṫair go fóill: aċt gaḃ ċuig mo ḃráiṫre, agus abair leo: Tá mé ag dul suas ċuig m’Aṫair-se, agus bur n-Aṫair-se, mo Ḋia-sa agus ḃur nDia-sa.
18Ṫáinic Máire Magdailéin agus d’innis do na deisciobail: Ċonnaic mé an Tiġearna, agus duḃairt sé na neiṫe seo liom.
19Dá ḃríġ sin, nuair a ḃí sé mall an lá úd, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na doirse druidṫe#20, 19 Agus na doirse druidṫe. An ċuṁaċt ċéadna a ṫug corp Ċríost go h-iomlán, ina ṁéid go h-iomlán, fríd ha doirse, is féidir dí gan aon aṁras an corp céadna sin a ċur i Láṫair go fíor san tSacramaint ina iomláine: ḃíoḋ naċ ḃfuil sé ar ár gcumas aon ċeann de’n dá ṁíorḃail a ṫuigḃeáil., mar a raiḃ na deisciobail, cruinniġṫe le ċéile ar eagla roiṁ na h-Iúdaiġ; ṫáinic Íosa, agus ṡeasuiġ sé ina measc,#Marc. 16, 14; Lúc. 24, 36; 1 Cor. 15, 5. agus duḃairt leo: Síoṫċáin go raiḃ agaiḃ.
20Agus nuair a duḃairt sé seo, ṫaisbeán sé a láṁa agus a ṫaoḃ dóiḃ. Ḃí lúṫġáir ar na deisciobail, dá ḃríġ sin, ar ḟeiceáil an Tiġearna dóiḃ.
21Mar sin, duḃairt sé leo arís: Síoṫċáin go raiḃ agaiḃ. Mar a ċuir an t-Aṫair mise uaiḋ, cuirim-se siḃ-se uaim mar an gcéadna.
22Nuair a duḃairt sé sin, ṡéid sé a anál orṫa: agus duḃairt sé leo: Gaḃaigiḋ ċugaiḃ an Spiorad Naoṁ:
23Cibé iad dá maiṫfiḋ siḃ#20, 23 Cibé iad dá maiṫfiḋ siḃ, ⁊c. Sin é an t-uġdarás, agus séala fairsing ó neaṁ air, le n-a dtaḃrann na tréadaiḋṫe i n-Eaglais Ċríost maiṫeaṁnas do na peacaiġ a ṫionntuiġeas au a leas, agus aiṫreaċas orṫa au son a bpeacaiḋe. a bpeacaiḋe,#Mait. 18, 18. tá siad ar a maiṫeaṁ acu: agus cibé iad dá gcongḃóċarḋ siḃ a bpeacaiḋe, tá siad congḃuigṫe.
24Aċt ní raiḃ Tomás, duine de’n dáréag, dá ngoirtear Didimus, ina gcuideaċta nuair a ṫáinic Íosa.
25Dá ḃríġ sin, duḃairt na deisciobail eile leis: Ċonnacamar an Tiġearna. Aċt duḃairt seisean leo: Muna ḃfeiciḋ mé lorg na dtáirngí ina láṁa, agus mo ṁéar a ċur isteaċ i n-áit na dtáirngí, agus mo láṁ a ċur isteaċ ina ṫaoiḃ, ní ċreidfiḋ mé.
26Agus i gcionn oċt lá, ḃí na deisciobail istiġ arís: agus Tomás ina gcuideaċta. Ṫáinic Íosa, agus na doirse druidṫe, agus ṡeasuiġ sé ina measc, agus duḃairt: Síoṫċáin go raiḃ agaiḃ.
27Annsin deir sé le Tomás: Cuir do ṁéar isteaċ annseo, agus breaṫnuiġ mo láṁa, agus sín anall do láṁ annseo, agus cuir isteaċ i mo ṫaoiḃ í: agus ná bí míċreidṁeaċ, aċt creidṁeaċ.
28D’ḟreagair Tomás, agus duḃairt leis: Mo Ṫiġearna, agus mo Ḋia.
29Duḃairt Íosa leis: De ḃríġ go ḃfaca tú mé, a Ṫomáis, ċreid tú: is beannuiġṫe iad sin naċ ḃfaca, agus a ċreid.
30Is iomḋa míorḃail eile leoga a rinne Íosa i ḃfiaḋnaisé a ḋeisciobal, naċ ḃfuil scríoḃṫa san leaḃar seo.
31Aċt tá na neiṫe seo scríoḃṫa, ċun go gcreidiḋ siḃ gurab é Íosa an Críost, Mac Dé: agus tré ċreidḃeáil, go raiḃ beaṫa agaiḃ ina ainm.
Currently Selected:
Eoin 20: ASN1943G
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland