Psalm 73
73
LXXIII Psalm.
1Go fírinneaċ ṫa Dia ro ṁaiṫ,
Do ṗobal Isaráel;
Don drong da ḃfuil a gcróiḋe glan,
Ṫa Dia ḋoiḃ maiṫ don réir.
2Aċt air mo ṡonsa, ’sbeag nár sguir,
Mo ċosa uaim go grad;
Ní mór nár rin mo ċéimne fós,
Sleaṁnúġaḋ uaim air fad.
3Ris na hamadánaiḃ ġaḃas tnúḋ,
Tré ḟeicsin soirḃeas daói;
4Óir ni ḃfuil cuiḃreaċ an a mbás,
Trean‐neart is leó gan díṫ.
5Mar ḋáoine eile ni ḃfuil siad
Faoi ḃuaiḋreaḋ no faoi ḃrón;
’S ni ḃfuilid air na gcráḋa fós,
Mar ċáċ lé Piantaiḃ treón.
6Uaḃar mar ṡlaḃraḋ uime sin,
’Na dtimċioll, fa gcuairt ṫá;
A ḃfóirneart féin da ḃfolaċ súd,
Mar éadaċ orṫa ’ġnáṫ.
7A suile ṫéid amaċ le sáill,
Sáruiġid smuain a gcroiḋe;
8Laḃruid geanguid, agus truaillí’d,
Le na mbéul go haingiḋe.
9A naiġiḋ na neaṁ a’s na spéur,
A mbéul do ṫóg siad suas;
Air feaḋ na talṁan a’s na dtír,
A dteanga‐san do ġluais.
10Air an aḋḃar‐soin filliḋ fós,
A ḋáoine ansa treóġ;
A’s faisgṫear ḋóiḃ súd amaċ,
Uisgiḋe a gcuaċ gan ġó.
11A’s deir siad, cionnas ’s léir do Ḋia,
Ḃfúl tuicse san tí’s árd.
12Féuċ súd na daoi a soirḃiuġaḋ,
Ag fás a maoin gan ċáird.
13Mo ċroiḋe sgagas a ndioṁáoineas,
’Sa neaṁċiontaiḃ ní’s mo lá’;
14Óir buailte a’s Pianta ’ta mé,
’Sair maidin m’aiṫḃir tá.
15Ma deirim, laḃraḋ me marso,
Feuċ déanad eagcóir beaċd;
A naġaiḋ ṡlioċt a’s ġinealaċ,
Na cloinne ’sionṁuin leat.
16Tráṫ smuainíġ me go dtuigfin so.
Buḋ ċruaḋ‐ċeist orm an gníoṁ;
17Aċt ċuaiḋ me ’steaċ go náoṁ‐ṫeaċ Dé,
Ann‐san ṫuig me a gcríoċ.
18Go deiṁin ċuir tu iad air fad,
An áitiḃ sleaṁain lom;
A’s teilge leatsa iadsan síos,
Le dioġaltas go trom.
19Cionnas a ṫugṫar iad gan ḃríġ,
A dtamall beag aon uair;
Oir ṫáid siad ár na sgrios go tur,
Le huaṁan ’seagla ṁór.
20Mar aisling nuár a ṁuisglis neaċ,
Mar sin a Ḋia na sluaġ;
A ndeilḃ do ṫarċuisníġean tú,
Tráṫ ḋúis’eas tu go luaṫ.
21Mar so do ḃi ár mo ċroiḋe cráḋ,
’S air m’árnaiḃ goin ro ġéur;
22Oir ḃi me báoṫ a’s aneólgaċ,
Mar ainṁiḋe éugas léir.
23Giḋeaḋ ḃi me do ġnáṫ agadsa,
A Ṫiġearna gaċ lá;
A’s air mo ḋeas‐láiṁ rugais‐se;
Dom ċongḃáil suas gaċ tráṫ.
24Do ġníḋṫear leat mo stiúraḋ fós,
Léd’ ċóṁairle am’ ḟéiḋim;
A’s ġeóḃa tu me a steaċ ċúġad,
Ad’ árus glórṁar féin.
25Cía ta agam ’sna flaiṫios ṡuas?
Aċt ṫusa a Ḋé na ndúl;
A’s ni ḃfuil neaċ air talaṁ fós,
Aċ tu ’na ḃfuil mo ḋúil.
26Mo ċróiḋe a’s m’feól maráon ata,
Air meaṫ le laige ’ġnáṫ;
Giḋeaḋ ’se Dia neart mo ċroiḋe,
’S mo ċóṁ‐roinn buan go bráṫ.
27Óir féuċ iadsan ta a ḃfad uait,
Léirsgríosair iad go luaṫ;
Oir cláoiḋtear leat gaċ éile neaċ,
Air striopaċas ṫéid uait.
28Aċt ḋaṁsa is maiṫ druid re Dia,
Mo ḋóiġ ta ’nDia mo neart;
Do ċum go ḃfoillseoċuinn do ṡíor,
Na neiṫe rinneaḋ leat.
Currently Selected:
Psalm 73: PSA1836G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.