Psalm 72
72
LXXII Psalm.
1’Ḋé, t’úir do ḃreiṫeaṁnuis don ríġ,
A’s ṫ’fíréuntaċt dá ṁac;
2Ḃeir sesion ceart ḃreiṫ ár an tsluaġ,
’S do ḃoċtaiḃ cóir na nairc.
3Na sléiḃte árda ḃeir amaċ,
Síoṫċáin na ndáoine grad;
A’s ḃeir na tulċa beaga síoṫ,
Le fíréantaċt gan stad.
4Air ḋáoiniḃ boċta ’ṗobuil fós,
Ḃéaraiḋ se breiṫ go ceart;
’S clann na neasḃuiḋeaċ sáorfa se,
Mion‐ḃrisfiġ luċt ain‐neart.
5An ḟaid a ṁárfeas grían a’s ésg,
’Freasdail d’oiḋċe a’s lá;
Biaiḋ ṫ’eagla orra sin go mór,
O ḋín go dín gaċ tráṫ.
6Mar ḟearṫuinn ár an ḃféur bainte,
’S ionan ṫig‐se anuas;
Mar ċeaṫaiḃ ag fliuċaḋ na húir’,
’S aṁluiḋ ’ġrás gan ċruaḋ’s.
7Iona laéṫiḃ sin go húr a ḃeis,
Na fíréunaiḋe fáoi ḃláṫ;
Feaḋ ḃeis an ġeallaċ ansa spéir,
Biaiḋ síoṫċáin ann do ġnáṫ.
8Biaiḋ tí’arnas aige mar an gcéadn’,
Ó ṫuinn go toinn do ṡíor;
A’s roiċiḋ súd ón aṁuin ṁóir,
Go hiomal ċrioċ gaċ tír.
9Luċt áitreaḃas fós san díoṫraṁ,
Ḋo sléaċtfuid síos gan ġó;
’Sa naiṁde líġfid an luaiṫreaḋ,
A taḃairt úṁlaċt ḋó.
10Ríġṫe Ṫairsis a’s na noilléan,
Tioḋlacaḋ ḃeir siad uaṫ’;
Ḃeir Ríġṫe Ṡéba, Séba fós,
Taḃartas do go luaṫ.
11Seaḋ fós ’na láiṫir sleaċtfuiġ síos,
Gaċ ríġ ár talaṁ ṫá;
’S gaċ gineallaċ ár feaḋ gaċ tír,
Ḋo seirḃís ġní do ġnáṫ.
12An tanḃan, boċt ’sa deóruiġe truaġ,
Saorfaḋ tráṫ éiġeas air;
13Mór‐ṫrócaire ċáoṁ ḃeir don ḃoċd,
A nanma sáorṫar leis.
14’Sé ḟuasglas a nanama fós,
Ó ṁeallaḋ ’s ḟóirneart ġéir;
A’s iona raḋarc san do ġnáṫ,
Is luaċṁor ’ḟuil go léir.
15A’s an feaḋ ḃeiṫ se beó ár úir,
D’ór Ṡéba ḃéara ḋo;
Gnáṫ‐úrnaiġṫe ḋéana se’r’ ṡon,
Beannóċṫar e gaċ ló.
16Dórnán arḃa ’sa talaṁ ḃeis,
Air ḃuaic na sliaḃ ’s na mbeann;
A’s biaiḋ a ṫoraḋ trom ár criṫ,
Mar Lebanon na gcrann.
An drong atá ’san gcaṫair ṁóir,
Biaiḋ torraḋ orra a’s bláṫ;
Go líonṁur mar is dual don ḟéur,
Air talaṁ fás a tá.
17Beis ’ainm‐sean buan go suiṫin síor,
Cóṁ‐marṫanaċ leis an ġréin;
Beannóċar mórán dáoine ann,
Sonna, ġoirfiḋ ’núir e féin.
18Beannuiġṫe go raiḃ an Ti’arna Dia,
Dia Israél do ṡiór‐ġnáṫ;
An te aṁáin ní míorḃúilíḋe,
Le neart a’s tréun a lá’.
19Beannuiġṫe go raiḃ do ġnáṫ buan,
’Ainm glórṁar uasal féin;
Líontar an talaṁ le na ġlóir,
Amen agus amén.
Currently Selected:
Psalm 72: PSA1836G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.