YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 71

71
LXXI Psalm.
1Mo ḋóċas ionnad ta a Ḋé,
Na bioḋ náire orm go deó;
2A’d’ ċeartas fóir leig sáor me as,
Cláon liom do ċluas le fóir.
3A’d’ ċarruig ċóṁnuiḋe ḃi‐si ḋaṁ,
’Na raċfuiġ me do ṡíor;
Mo ḃaḃun a’s mo ḋaingean ṫu,
Ṫug aiṫne ċum mo ḋi’on.
4As laiṁ an ċiontaġ o mo Ḋia,
Dean fuasglaḋ ḋam a’m’ ċrúa’s;
As láiṁ na ndáoinneaḋ eaccóraċ,
Ta gan ioċt gan truáġas.
5Oir is tusa, Ṫi’arna mo Ḋia,
Mo ḋóċas an mo ḟéiḋm;
Ó áois a’s aimsir m’óige a nuas,
Mo ḋóiġ is tu go deiṁin.
6’S tu rinn mo ċongḃáil suas ó’n mbroinn,
’Són mbolg ṫug me a maċ;
Mo ṁolaḋ biaiḋ órt fós go bráċ,
Arson do ġrás fo seaċ.
7Mar aḋḃar iongantais a Ḋé,
Aig móran ata me;
Aċ ’s tusa is tearmonn dilios ḋaṁ,
Mo spionnaḋ mór gaċ ré.
8Go liontar le do ċlúḋ mo ḃéul,
’S le ṫ’onóir féin gaċ ló;
9Na teilg me uait am aois ’s na tréig,
Traṫ ḟailliġios mo ṫreóir.
10Oir m’aġuiḋ, meid is naṁuid dam,
Laḃruid go sgigeaċ géur:
’S an dream ta’braṫ ár m’anam boċt,
Ġniḋ cóṁárle le na ċéil’.
11Ag raḋ do ṫréigeaḋ e le Dia,
Inġreamaiḋ e go teann;
A’s glacuiḋ, oir da ṡáoraḋ fós,
Ní ḃfuil neaċ sáorṫa ann.
12A Ḋia na bí‐se fada uaim,
Fóir oram, mo Ḋia, go luaṫ:
13Bioḋ naire a’s cláoiḋ ár m’eascárdiḃ,
Da ttug do m’anam fuaṫ.
Le sganail ’snáire folċar iad,
’Ta ’giarraiġ m’uilc gaċ ló:
14Beiṫ dóiġ agam ionad do ġnáṫ,
A’s molfad tu níos mó.
15Laḃróċuiġ mo ḃéul air ṫ’fíréuntaċd,
’S do ṡláint’ gaċ lá gan sgíos;
A náireaṁ súd ár líonṁuireaċd,
Ni ḟéidir a ċuir síos.
16Tre neart an Tiġearna mo Ḋia,
Fós raċfaḋ mé do ġnáṫ;
A’s tráċdfad ár ṫ’fíréuntaċd,
Agus ár sin gan sgáṫ.
17O m’ óige ṫugais teagasg ḋam,
A Ṫi’earna ’gus a Ḋé;
A’s a cuir ṫ’oibre iongantaċ,
Go nuige so a gcéill.
18Anois ár mbeiṫ ḋam sean a’s liaṫ,
Ná tréig me, Ḋia na ḃfeart;
Go dtaisbeana me do lúṫ ’s do neart,
Don dín a ta le teaċd.
19’Ṡ ró árd ṫ’fíréuntaċd féin, a Ḋé,
Do rinnios neiṫe mór;
A Ḋia cia hé is cosṁuil riot,
No ’gcóiṁeas leat a nglóir.
20Ḃuaḋearṫa iomḋa neiṁneaċa,
Ṫaisbeunais ḋam a Ḋé;
Aiṫḃéoḋaċair, a’s ḃéarfaḋ tu,
O ḋoiṁneaċd talṁan mé.
21Fóirlíonfa tu m’arraċtas,
Le sólás o gaċ táoḃ;
22Air aḋḃaiḋ sáltraċ, molfad mo Ḋia,
Seaḋ ṫ’fírinn ta ro ċáoṁ.
A’s seinnfead ḋuit ár ċlárseaċ ḃínn,
A aoin náoṁṫa Isráel;
23Is mór mo ġáirdeaċas gaċ uair,
A ċánfaḋ ḋuit mo ḃéul.
Biaiḋ suḃaċas a’s áoiḃneas mór,
Air m’anam féin a Ḋé;
Do sáoraḋ leat go trócáreaċ,
O ṫrioblóidiḃ go léir.
24A’s biaiḋ mo ṫeang’ ár ṫ’fíréuntaċd,
Ag iomráḋ feaḋ an laé;
Óir cláoíḋte ’s náiriuġ’ ta an drong,
Ċum m’uilc do iairus mé.

Currently Selected:

Psalm 71: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in