YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 68

68
LXVIII Psalm.
1Nois eirġioḋ Dia, a’s sgaoiltear leis,
A naiṁde móra tréun;
Gaċ neaċ ṫug fuaṫ ḋo féin ’s da reaċt,
Grad‐ṫeiṫeaḋ uaiḋ a ccéin.
2Mar ḋeataċ seaċad fuaduiġior iad,
Mar leaġas teine céir;
Mar sin sgriosdar droċ‐ḋaoine as,
O ḟiaḋnuise Dé go léir.
3Aċt suilḃear go raiḃ na fíréin ceart,
As ait a laṫuir Dé;
Ro ṡúgaċ aiġearáċ maraon,
Go raiḃ siad féin gaċ ré.
4Seinniḋe do Ḋia, ’s da ainm naoṁṫ’,
Togaiḋ Sailm ċéolṁar ḋo;
Do ṁarcuiġ ár na speuruiḃ glan,
’Réir Iah a ainm gaċ lo.
5Do ḋilleaċtuiḃ is aṫár Dia,
’S do ḃaintreaċuiḃ gan neart;
Ta se a ttiġ a naoṁṫaċt féin,
Na ḃreiṫeaṁ díreaċ ceart.
6A’s cuirfiḋ Dia a tteaġlaċuiḃ,
An dream ta uaigneaċ truaġ:
Is saorfuiḋ se go trócáreaċ,
Da ḃḟuil a ccuiḃreaċ ċruaiḋ.
Aċ an drong ’ḃios go héaccóraċ,
Re ceannárc a’s re loċt;
Do ġniḋ siad cóṁnuiḋe ḃunáiteaċ,
A ḃfearann ṫirim ḃoċt.
7Air ċeann do ṡluaiġ tráṫ d’ímṫiġ tu,
A Ḋe, san ḃfásaċ ċruaiḋ;
8Ċrioṫnuiġ an talaṁ a’s ṡil an spéir,
A laṫair Dé na sluaġ.
Sliaḃ Ṡinai fein ta daingion ard,
Do ċrioṫnuiġ se go mór;
A laṫair De, Dia Isaréil,
Ta urrainaċ a nglóir.
9Do ṡil tu fearṫuinn ’nuas go leór,
A Ṫiġearna ár an ccríċ:
Ler ṡocruiġ as ler ḟurtuiġ tu,
Air ṫ’oiġreaċt as a díṫ.
10Do ḃi do ċóiṁṫional ’s do ṡlúaġ,
Na ccóṁnuiḋe innté ’Ḋé;
Dod’ ṁaiṫeas rinn tu deasuġaḋ,
Dod ḋaoiniḃ boċta féin.
11An Tiġearna ta láidir tréun,
Do léig se guṫ amaċ;
’S a ḃuiḋin, sin do ṡoisgéul é,
Buḋ lionṁar iomarcaċ.
12Riġṫe na narmáil a’s na sluaġ,
An sin go grad do ṫeiṫ;
’S a ḃantraċ aig an mbaile d’fan,
Do ḃiḋ a roinn na creiċ.
13Giḋ measg branraḋ siḃ do luiġ,
Biaiḋ siḃ mar ċoluim luaṫ;
Ar sgiaṫ mar airgead dealruiḋ‐ṫe,
’S ór is deirge snuaḋ.
14Traṫ sgaoil Dia uile ċuṁaṡaċ,
Na riġṫe innti a steaċ;
Do ḃi si geal mar Ṡalmon ard,
’Sí uile lan do ṡneaċt.
15An sliaḃ úd Dé, is aṁluiḋ,
Mar Ḃasan measg na mbeann;
Mar Ḃasan mór is aṁluiḋe é,
Go hárd a ṫoig a ċeann.
16Cread fa língṫiḋe a ḃeanna árd?
Se so ard‐ṫúlaċ Dé;
A mian leis sgiṫ, is biaiḋ se,
Na ċómnuiḋe an gaċ ré.
17Ta carbaid Dé na ḃfiṫċid míl’,
Do ṁílte aingliḃ tréun;
’Na ṫeampol naoṁṫa Dia na measg,
Ionann ’s na Ṡinai féin.
18Do ċuaiḋ tu suas air ionad ard,
Ṫugais bruid ’mbraiġdeanas;
Do ḋaoiné fuair tu tioḋ‐lacaḋ,
Le ndéan tu toirḃeartas.
’S an ccéadna fos don ṁuintir úd,
Ro ċeanairceaċ atá;
Do ċum go mbioḋ Iehoḃa Dia,
Na ċóṁnuiḋe aca do ġnáṫ.
19Diá, go ma beannuiḋe é do ṡíor,
Ta dortaḋ oruinn gaċ ló;
A ṫioḋlaca ’s e Dia ar sláint,
An Dia ċoiṁead sinn beó.
20Is linn an Dia ta laidir tréun,
Gniḋ slánúġ’ ann ’sgaċ cás;
Do Ḋia Iehoḃah ḃainean fós,
Saorsa ó ṡliġe an ḃáis.
21Aċt ceann naiṁde brisfiḋ Dia,
A’s cloigion greannaċ cruaiḋ;
An ḟir a imṫiġios go dian,
’Na ċionta féin gaċ uair.
22O ḃásan ḃéar mo ṗobal ’n os,
Do laḃair Dia na ḃfeart;
O ioċtar fos na fairge ’rís,
Do ḃearfad iad go ceart.
23Do ċum a ḃfuil do naṁuid ġéur,
Do ċos go ndeantar dearg;
’S go ttomfar fos san ḃfuil sin fein,
Teangṫa do ṁadraiḋ garg.
24Do ṫriallsa ċonairc siad a Ḋé,
A Ṫiġearna ro ċaóiṁ;
Se triall mo Ṫiġearna a’s mo riġ,
San ann‐sa nárus naoṁ.
25Luċt aḃráin dimṫiġ siad air ttus,
Luċt inneil ċiuil a rís;
’Na measg ag bualaḋ tiompáin fós,
Na maiġdeana do ḃí.
26Deanuiḋse Dia do ḃeanúġaḋ,
’Nḃur ccóiṁṫional le ċéil’;
Eaḋón, Iehoḃa, Dia na ḃfeart,
O ṫiobraid Isaraél.
27Sud Beniamin beag, a’s an Triaṫ,
Cinnfeaḋna Iuda ċí;
Le luċt a ccómairle, Ṡebulon,
A’s flaiṫe Naṗtaluiḋe.
28Do Ḋia se d’aiṫin ’s d’órduiġ ḋuit,
Do neart a’s fós do ṫreóir;
An gnioṁ a rinnios air arson,
Neartuiġ a Ḋe na nglóir.
29Arson do ṫeampoil náomṫa Ḋe,
Ta aig Ierusaleim;
Do ḃeir na riġṫe ta fa ccuairt,
Deaġ‐ṫioḋlaca ḋuit féin.
30Taḃair aċṁusan do luċt na sléaġ,
A’s do ḃuiḋin mór na ttarḃ;
Do laoġuiḃ fos an ṗobuil úd,
T’úir aċṁusan go garḃ.
Go nuig le míriḃ airgid ḋuit,
Go ngeillfiḋ siad fád smaċt;
Sgaoil ṫusa an pobal úd a Ḋé,
Do ġaḃann cogaḋ tlaċt.
31Ón Eigipt tiocfuiġ prionsuiḋe ’maċ,
’S ġniḋ Etiopia mór;
A laṁa ṡinneaḋ amaċ go luaṫ,
Ċum árd‐Ṫríaṫ na nglóir.
32O rioġaċta an doṁain ṁóir,
Seinniḋe do Ḋia go grínn;
Don Dia as riġ ’sas Tiġearna ann,
Seinniḋe molaḋ go binn.
33Don ṁarcaċ ard ár neaṁ na neaṁ,
Ta ann o aimsir ċéin:
Féuċ ta se ’cur amaċ a ġuṫ,
A ġuṫ ta laidir tréun.
34Sior‐tuguiḋe neart do Ḋia, oir ta,
A ġloir ṫair Isaraéil;
’S a neart ata ’s na neaṁuiḃ árd,
’S a néulaiḃ tiuġ na spéur.
35’Ḋia ta uaṫḃasaċ urramaċ,
As t’ionad naoṁṫa réiḋ;
Dia Israél ḃeir neart da ṡluaġ,
Dia, go ma beannuiḋe é.

Currently Selected:

Psalm 68: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in