YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 69

69
LXIX Psalm.
1Saorsa mise a Ḋia mo neirt,
Oir ḋoirt tu tuilte orm;
A’s ṫáinic fos ár m’anam boċt,
Na huisgeaḋa le toran.
2A laṫuiġ ḋoṁuinn ta me sáit,
Gan áit le seasfainn ann;
Le huisgiḃ doṁuin ġlacaḋ mé,
A’s sruṫ dul ṫar mo ċeann.
3Taim toirseaċ om ġlaoḋaċ, a’s ta,
Mo scórnaċ tirm le tart;
Mo ṡuile ta ag dorċuġaḋ,
’Feiṫeaṁ ár Ḋia na ḃfeart.
4Is líonṁáre ’na folt mo ċinn,
Luċt m’fuaṫ lér ḃáil mo ċlaoiḋ;
Air mbeiṫ dóiḃ ḋaṁ go héugcóraċ,
Na naiṁde tréun gaċ laoi.
Sin an niḋ nar ḟuaduiġ leam,
D’aisig me uaim go beaċt:
5Ḋia, is feasaċ ḋuit m’amaideaċt,
Ni foluiġṫear ort mo loċt.
6Naire air mo sgaṫ ’Ḋé, na léig,
A Ṫiġearna na slóiġ;
Air neaċ air biṫ don aicme úd,
Ta ’feiṫeaṁ ort gaċ ló:
An drong ud a Ḋia Isaraél,
A iarras ṫu gan ġó;
Na leigse naire orra ċoiḋ’,
Na maslaḋ as mo ṫréoiġ.
7Oir d’fuil’ngeas maslaḋ air do sgáṫ,
Lionaḋ mo ġnuis le náir’;
8Dom ḃraiṫriḃ is fear coigriġ me,
Cóiṁṫeaċ do ċlainn mo ṁ’ár.
9An t’eud ḃi agam ár do ṫeaċ,
D’iṫ se, is ċnáoiḋ me suas;
An toiḃéim fós do ṫug siad ḋuit,
Go tiuġ ṫuit orm anuas.
10Tráṫ rinne me gul m’anam do ṫroisg,
Do ṁasluiġ siad mo ġníoṁ;
11Tráṫ ċuir me umam eadaċ saic,
Ball maguiḋ rinneaḋ ḋiom.
12An drong do ṡuiḋeas annsa ġeat’,
Cúis ċóṁráiġ me gaċ lá;
A’s aig luċt meisge agus póit,
Am’ aḃran ṫáim do ġnáṫ.
13Aċt mise, ta m’urnuiḋe ċú’d a Ḋe,
A nuair is taitneaṁaċ leat;
Eist riom a Ḋé, tre ṁead do ġrás,
Led’ ċoḃair fóir go ceart.
14Ó’n laṫuiġ sáor mise a Ḋé,
Ċum go náċ raċfuinn síos;
Ó luċt mo ṁíorúin teasárg mé,
O ḋoiṁneaċt uisgeaḋ níos.
15Na teaġaḋ ṫormsa tuilte uisg’,
’S na sluigeaḋ doiṁneas mé;
An sloċt da ndruideaḋ ormsa ’ḃéul,
Go hiomlan ċum mo ċláoiḋ.
16Eist riom, o Ḋia, oir is maiṫ do ġrás,
Fill orm le trócáre mór;
17Do ġnuis na ceil ár d’oglaċ féin,
Eist leam a’s me fuiḋ ḃrón.
18Ḋia druid re m’anam a’s fuasguil é,
Sáor me óm’ naiṁdiḃ ṫréun;
19Mo ṁaslaḋ, m’easurruim, ’s mo, náir,
Dob’ aiṫne ḋuit go léir.
20An taċṁusán do ḃris mo ċróiḋe,
D’fag súd me iargnóḋaċ;
D’iar me luċt truaḋis a’s cóṁḟurtaċt,
A’s ḋíoḃ ni ḃfuaireas neaċ.
21Mar ḃiaḋ do ṫug siad domblas daṁ,
Ċosg m’iota ṫug fíngéur;
22Mar ḋul go raiḃ a mbórd ’s mar rib,
A searḃas sud go léir.
23Gan leirgios bioḋ a súile dall,
’Sa leasraċ ’ġnaṫ air crioṫ;
24Doirt orra ṫ’fearg ’s le corruiḋe ġéur,
Gréam iad gaċ am air biṫ.
25Mar ḟásaċ lom gan áitreaḃaḋ,
Go raiḃ a sgiṫ ’sa tteaċ;
’S na náruis arda mar an ċcéadn’,
Cóṁnuiḋe na gaḃaḋ neaċ.
26Oir leanadar le fóiréigneaḋ,
An ti do buaileaḋ leat;
A’s laḃradar ċum doilġios ṁóir,
Don druing a rinn tu lot.
27Cuir urċóid air urċóid ’s na léig,
A’d’ ċeartas iad a steaċ;
28As leaḃar fós na mbeó, gu tur,
Sgriostar iad súd a maċ.
Is maille ris na fíréunaíḃ,
An druing ta náoṁṫá fíor;
Agus a náreaṁ ḋáoine cóir,
Na sgrioḃṫar iad do ṡíor.
29Aċt mise ata bua’rṫa boċt,
A’s lan do ḃrón faráor;
Tógaḋ do ṡláinte mise a nárd’,
’Ḋé go grásaṁuil cáoin.
30Le cáintic ḃinn síor‐ṁolfuiġ me,
Deaġ‐ainm mo Ḋé gaċ lá;
Sa ċlúḋsan fós sior‐ṫogṫar liom,
Le buiḋeaċas go hárd.
31Is fearr leis an Tiġearna súd go mór,
Na tairḃ ta aḋarcaċ;
’S na ioḋḃárt fós do ḃearfaḋ neaċ,
Do ḃulóig ionganaċ.
32Na dáoine séiṁ tráṫ ċí siad so,
Bion áoiḃinneaċ ait go leór;
A’s biaiḋ ḃur ccroiḋse beó go bráṫ,
Ta ’giarruiġ Dé na nglóir.
33Re boċtuiḃ eistfiḋ Dia ’s ni ḋéan,
Táir ár na bráiġdiḃ truaġ;
34Gaċ niḋ ċorruiġionn molfuiḋ é,
Air neaṁ, air tir, no cuan.
35Oir bailte Iúdah tógfuiḋ Dia,
A’s sáorfar Sion léis;
Ċum go realḃóġfaiḋ í go buan,
Da háitriuġaḋ gan ċeist.
36Do ṡlioċt do ṡeirḃisiġ go fíor,
A’s oiġreaċt ḋilios í;
’San dream do ṫug dod ainmsa gráḋ,
Síor‐ċóṁnuiḋe innti ġníḋ.

Currently Selected:

Psalm 69: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in