YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 66

66
LXVI Psalm.
1Fuaim luiaṫġáireaċ do Ḋia na ndúl,
Tugaiḋ gaċ uile ṫír;
2Dá ainm ro‐ġlórṁar seinniḋe glóir,
Sgaoiliḋe a ċlúḋ do ṡíor.
3Abruide re Dia cia huaṁásaċ,
Na hoibre ġniḋṫear leat?
Oir géilfid ḋuit na naiṁde borb,
Da ḃriġ gur mór do neart.
4Claoinfiḋe gaċ niḋ ár talaṁ ḋuit,
Ag iomráḋ ort go binn;
Dod’ ainm ro uasal iongantaċ,
Gniḋ molaḋ mór a ṡeinn.
5Tigiḋe is féuċuiḋe oibre Dé,
Is breaṫnuiḋe iad go grinn;
Is uaṫḃásaċ air ċlann na ndaoin’,
Na gnioṁarṫa do rinn.
6Do ṫiormuiġ se a nfairge ṁór,
Tré’n aṁuin ġaḃ da ccois;
Ann sin buḋ luaṫġáireaċ ḃi sinn,
A nDia ar ndion ’s ar ttréis.
7Lé tréuhn‐neart riaġluiḋ se go bráṫ.
Na slóiġ da ṡúile ’s léar;
’S ni airdeóċuiḋ na heasaontuiḋ,
Go hamaideaċ iad féin.
8O ḋaoine, beannuiḋeaḋ ár nDia,
Ard‐ṁoluiḋe e gan ċlos;
9Se ċungṁus ar nanam beó ’s ḃeir,
Naċ ccorruiḋṫear ar ccos.
10Do ḋearḃ tu sinn a Ḋé ṫeastai’s,
Mar airgiod leaġais sinn;
11Ar leasraḋ ċeanglais, go ro ṫeann,
A’s ṫug tu sinn san lion.
12Ṫug tu ḋáoine marcuiġeaċt oruinn,
Ṫriḋ ṫeinne a’s uisg’ do ċuaiḋ;
Arís go hionad saiḋḃir réid,
’S tu féin ṫug sinn le buaiḋ.
13Raċad dod’ ṫiġ le ofráil loisg’,
Cóiṁlionfad duit mo ṁóid;
14Do geallaḋ leam le fosglaḋ béil,
Traṫ ḃiḋis a n’eigin ṁóir.
15Ioḋbárṫa, loisge do ṁeiṫealluiġ,
Le túis a’s saill na reiṫ;
Ofrail na mbó, ’s na ngaḃar fós,
Súd ḃeirim ḋuit fa leiṫ.
16O siḃse, da ḃfuil eagla Dé,
Tigiḋe a’s eistiḋe liom;
Inneósad na neiṫe rinn Dia,
Do m’anam boċt san am.
17Do ġláoiḋ me ris go hárd rem’ ḃéul,
Lem’ ṫeanga ṁolas e;
18Am ċroiḋe ma ḃeirim speis don olc,
Ní eistfiḋ an Tiġearna me.
19Go deiṁin d’eist Dia; ’s ṫug fa ndear:
Guṫ ṁ’urnuiġe riġ na ndúl.
20Molaḋ do Ḋia, nar ḋiult a ġrás,
’S mo ġuiḋe nár ċuir ár ccúl.

Currently Selected:

Psalm 66: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in