YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 65

65
LXV Psalm.
1A Sion árd is dual ḋuit féin,
Molaḋ a Ḋe gan díṫ:
Is dutse ḋioltar fos an ṁóid,
Go ceart mar ġeallṫar í.
2O’s ṫusa eisteas urnuiḋe ġlan,
’S ċugad ṫiocfas gaċ aon;
3Mo ṡeaċran ta a nuaċtar orm,
Glanfuirse ar gcuir uainn.
4Is beannuiḋe an duine sin go deó,
A ṫoġfar leat a Ḋe;
A’s ḃeirir fos a ḃfogus ḋuit,
Coṁnuiḋe a’d’ ċuirt ġniḋ‐se.
Sáiseóċar sinn le niḋṫe maiṫ,
Do ṫeaċ ’s do ṫeampoll naoṁ’;
5Le neiṫiḃ uaṫḃásaċa ḃeir duinn,
A’d’ ċeartas freagra caoṁ.
A Ḋia ar sláinte ’s tu go dearḃ,
Is dóiġ do gaċ iomal tír;
’S a ḃfuil san mbóċna fada uain,
A ndóċas ’s tu do ṡíor.
6Se ṡocruiġeas gaċ sliaḃ le neart,
Go criosluiġṫe led’ ḟeart;
7Se ċoisgeas fuaim na mara ’s tonn,
’S buaireaḋ na slóiġ naċ ceart.
8Na dáoine ta na ccóṁnuiḋe ṫall,
’S na tíriḃ fad amaċ;
Na uaṁan orra ta go mór,
Do ċóṁarṫa míorḃuileaċ.
Is tusa ḃéir ár dol amaċ,
Na maiḋne gaċ aon lá;
’S air an ḟeasgair mar an ccéadn’,
Ḃeiṫ luaṫġáreaċ do ġnáṫ.
9An talaṁ d’fiosruiġios go cáoiṁ,
Agus fliuċa tu go réiḋ;
Cuirfir saiḋḃris air le Haṁuin Dé,
Ta lán do uisge ġléiḋ.
Dóiḃ arḃar ta tu’gullṁúġaḋ,
Le d’freasdal ċaoṁa féin;
10Ag uisgeaġaḋ le fearṫuinn ṁor,
A niomairiḋe go mín.
A neitre leagfuiġ tu‐sa sios,
Le grásuiḃ ġniḋ tu tais;
A mbar agus a maoṫain fós,
Beannuiġe tu léd’ ḟeaḃus.
11An ḃliaġain d’iaṫuiḋ tu fa ccuart,
Led ġrásuiḃ féin a Ḋé;
Ta saill a sileaḋ ann sgaċ áit,
Od ċoiscéimniḃ go réiḋ.
12Air ċluainiḃ glas an ḟásuiġ loim,
’Nuas siliḋ siad go mín;
Na cnoca beaga deas a’s tuaiġ,
Aoiḃneas a’s gean do ġníḋ.
13Na hinḃir ata eaduiġṫe,
Le tréuduiḃ an ’s gaċ áit;
Na glinn le harḃar foluġṫe,
Cánuid ’s béicid le háiṫ’.

Currently Selected:

Psalm 65: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in