YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 64

64
LXIV Psalm.
1Traṫ ġniḋ me urnuiġe riot, a Ḋé,
T’uir eisdeaċt ḋam go luaṫ:
O eagla naṁuid coiṁéad mé,
Go raobfaiḋ m’anam truaḋ.
2O ċóṁárle dioṁair ḋaoine daoi,
O ionnsuiḋ ġarḃ maraon;
Luċt deanta uilc a’s aingiḋeaċd,
Cuir folaċ orm go caoin.
3Le na tteangṫuiḃ féin gearran siad,
Mur ṁaol‐dorn rinneaċ géar;
Ta mboġa ar lúḋ ’s a saiġde deas,
Sud briaṫra searḃ a mbéil.
4Do ċaiṫeaṁ iad go foluiḋeaċ,
An fíréunnaċ a tá;
Go hoban ta da ċaiteaṁ fós,
Gan eagla a’s gan sgáṫ.
5A’ gaḃáil meisniġ ’tád ċum uilc,
Go minic da ráḋ le ċéil’;
Ag cur a lionnta a nuaigneas,
Deir cia, ċiḋfiḋ sin go leir?
6Gaċ olc do ransuiḋ siad amaċ,
Seaḋ rinn siad sgrúdaḋ géur;
A mian a stiġ, is doṁan é,
Sa ccroiḋe mar an ccéadn’.
7Aċ soiġiod caiṫean orrṫa Dia,
Ḃios rinneaċ goineaċ géar;
Grad‐ḃuailtéar agus loitear iad,
Da ngortuġaḋ go léir.
8Mar sin ḃeir siadsan orrṫa féin,
Toraḋ a tteang’ go grad;
Gaċ uile neaċ d’ar lear a ndóiġ,
Teiṫid uaḋa air fad.
9Mor‐eagla biaiḋ air gaċ neaċ,
A’s foillseóċuid obair Dé;
Oir bearṫar leó go glic fa ndear,
An gnioṁ úd a rinne se.
10Ġniḋ an fíréun luaṫġáir an Dia,
Ag cur a ḋóċais ann:
’S gaċ neaċ da ḃfuil croiḋe ceart,
Ġniḋ gáirdeaċas náċ gan.

Currently Selected:

Psalm 64: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in