YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 63

63
LXIII Psalm.
1O Ḋia, is tu mo Ḋia, go moċ,
Sirfiġ me ṫu gaċ lá;
Ro ṫartmar ata m’anam boċt,
A ngeall ort féin do ġnáṫ.
Ta mian a’s ciocras mór air m’feoil,
A ngeall ort féin gaċ am;
An tír ro‐ṫirim tartṁar ṫeiṫ,
Gan uisg’ ár bíṫ ḃeiṫ ann.
2Do ċuṁaċt ċum go ḃfeicfinn féin,
’S do ġlóir ata ro ċáoiṁ;
’Reir mar ċonárcas roiṁ’seo ṫú,
Le clúḋ ad áruis naoṁ.
3Airson gur fearr na beaṫa fós,
Do ċaoiṁneas gráḋaċ féin;
Ard‐ṁoláḋ duit le iomud clúḋ,
Mo ḃéul do ḃeir maraon.
4Mar sin ár feaḋ a ḃios me beó,
Beannóċad ṫu do ġnáṫ;
Is a’d’ naoṁ‐ainmse tógfad suas,
Mo láṁa leat gaċ tráṫ.
5Saiseóċar m’anam mar le smior,
’S le saill ro raṁar meiṫ;
Is ḃeir mo ḃéul ’s mo ṗuisinn ḋuit,
Ard‐ṁolaḋ binn a Ḋe.
6Tráṫ ġniḋ me air mo leabuiḋ fós,
Do cuiṁniuġaḋ le tlaċt;
’S a nám na faire smuaineaḋ órt,
Air ḋul don oiḋċe ṫart.
7Do briġ go raḃais ’a’d ċa’ir ’gam,
A Ṫiġearna a’s a Ḋé;
Bíḋ aoíḃneas agus aiteas orm,
Faoi ċuim sgáile do sgéiṫ.
8Ta m’anam a leanṁuin diot go dluiṫ,
Do ḋeas‐láṁ am coiṁead;
9Luċt iarrṫa m’anama boċt le sgrios,
Ḃfad sios san uaiġ a ṫéid.
10Le faoḃar cloiḋṁe agus airm,
Sios tuitfiḋ siad go lár;
Mar ċuiḃrionn dona Sionċuiḃ ruaiḋ,
Do ġniḋṫear iad le táir.
11Aċ aoiḃneas ġniḋ an riġ a nDia,
Nuair luaṫgáiris gan ḃéud;
Gniḋ siadsan uaill aċ druidṫear béul,
Gaċ neaċ a laḃras bréug.

Currently Selected:

Psalm 63: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in