YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 62

62
LXII Psalm.
1Le foiġid ṁór ta m’anam boċt,
’Feiṫeaṁ air Ḋia a ṁáin:
’S an uaiḋ ta furtaċt agus fóir,
Teaċt ormsa ó gaċ láiṁ.
2Se ’ṁain is carruig ḋiodan daṁ,
A’s mo ṡlánúġ’ e ro ḋeas:
Mo ṫearmonn dilios e maraon,
Go mór ní gluaistear mis’.
3Ca fad ṫionsgnas siḃse anois?
Aiṁleas fós agus loċt;
Mar ḃalla ár crioṫ a’s ḟál ár gclaon,
Ta leagaḋ oruiḃ a teaċt.
4Ón’ ónóir árd dom ṫeilgion síos,
Ta ccóṁairle sion a gruiṫ;
Se ’s mian leo bréug, bíḋ’n beannaċt na mbéul,
Aċt mallaċt a ttaoḃ a stiġ.
5O m’anam feiṫ le foiġid ṁór,
Re Dia aṁáin do ġnáṫ;
Oir ansan ta mo ṁuiniġin féin,
’S mo ḋóċus féin go bráṫ.
6Se aṁáin is carruig dilios ḋaṁ,
Se ṁáin mo ṡlainte deas:
Mo ḋiodan ḋaingion e maráon,
Ni corróċtar mise as.
7Mo ṡláinte ta ’s mo ġlóir a nDia,
Ann ḋóiġim féin a ġnáṫ;
Carruig mo neirt ’s mo ṫearmonn ṫréun,
Se Dia go buan ’s go bráṫ.
8A ṗobuil cuiriġ siḃ a nDia,
Ḃur ndóċas an sgaċ am;
Na láṫair doirtíḋe ’maċ ḃur ccroiḋe,
Se Dia is diodan ann.
9Is niḋ dioṁaoin clann na ndaoin’ fós,
Ṫa daoine mór na mbréig:
Air meaḋ le to’s is eadtruim iad,
Na diaṁaoineas go léir.
10Na hearb a ḃfóirneart ’s na dean uaill,
A sladaḋ na ndroċḃeart;
Na cuir go Deó, do ċroiḋe a stór,
Traṫ ċinneas saiḋḃréas leat.
11Do laḃair Dia aonuair a maċ,
Sud ċualas uair no ḋó;
Gur leis an Dia ta cuṁaċtaċ,
Tréine a’s neart gaċ ló.
12Trócaire a Ṫi’arna is dual ḋuit,
A’s grása mór maraon:
Oir ḃeir tu réir a ġnioṁarṫa,
A luaiġeaċt do gaċ aon.

Currently Selected:

Psalm 62: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in