YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 61

61
LXI Psalm.
1Re glaoiḋ mo cóṁairc éist a Ḋe,
A’s m’uirniḋe cluin ṫar ceal;
2O ḟuinn na talṁan glaoiḋim ort,
’S mo ċroiḋe trom fa smal.
Ḋia, treóruiġ ċum na caruige mé,
As áirde na me féin;
3Buḋ tearmonn tu a’s fasgaḋ ḋaṁ,
O m’easgairiḃ go léir.
4Ad ṗailliun ġniḋim cóṁnuiḋe fós,
Gaċ aimsir as gaċ tráṫ;
Mo ḋóiġ fo ċuim scáile do sgeiṫ,
Cuirfiġ me féin go bráṫ.
5Oir ċuala tu mo ṁóide naoṁ,
’S an ġeallaḋ a ṫug me:
Oiġreaċt na druinge ṫugais daṁ,
Dar eagal t’ainm a Ḋe.
6Buan‐ṡaoġal agus aimsir ċian,
Ḃeir tu, a Ḋia, don ríġ;
Mar iomad ginealaċ a’s linn,
A ḃliaḋna is tu ġníḋ.
7Cóṁnuiḋe ḃuan a láṫár De,
Deanfa se féin go bráṫ:
Trócaire ’s fírinne ullṁuiġ ḋo,
Ċoiṁeadfas e gaċ tráṫ.
8Mar sin go síorruiḋe ċánfad clúḋ,
Dod’ ainm ro uasal áird;
’S mo ṁóide naoṁṫa dioluim ḋuit,
O ló go ló go bráṫ.

Currently Selected:

Psalm 61: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in