YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 59

59
LIX Psalm.
1Coisin a’s saor me, o mo Ḋia,
Om’ naiṁdiḃ éirgios ċú’m:
2Ó luċt an uilc, ata fuilteaċ,
Di’on mise a’s cuidiġ leam.
3Féaċ ’naġaiḋ m’anma luiġeaċán,
Is cruinnid daoine tréan;
Ni ’ḃríġ a Ḋia air son mo loċt,
No coir a rinn me féin.
4As ruiṫean siad gan ċion am’ ṫaoḃ,
’S go hollaṁ dul air ġléus:
Ċum teaċt am’ ḟurtaċt múisgil tráṫ,
A’ṡ taḃuir fa ndear a mbéas.
5O Ḋia na sluaġ a Ḋe Israél,
Mosguil go ḃseicṫear leat:
Na geinnte ’s na dean ioċt ár neaċ,
Go hainġiḋe ḃris do reaċt.
6Air teaċt do’n ḟeascair fillean siad,
Taṫfan blaoḋ go hárd;
Mar ċoin fá’n mbaile cuartuġaḋ,
Is aṁluiḋe táid gan áird.
7Féuċ bruiċdead amaċ, le na mbéul.
As a mbilliḃ cloiḋṁe géar;
Cia ċluinneas sin no ḃeir fá ndear?
Se súd is caint ḋóiḃ féin.
8Aċ ṫusa, Dia Iehóḃah ṁóir,
Ġniḋ gáire fanoid riu;
A’s mar ḃall maguiḋ dearḃṫa fós,
A’d’ raḋarc na geinte bí.
9Airson gur mór ’s gur maiṫ do neart,
Sior‐ḟeiṫim ort do ġnáṫ;
Do ḃriġ go ḃfuil daṁ Dia na ndúl,
Na ḋidean dluiṫ go bráṫ.
10Bioḋ Dia, o ttig mo ṫrócáre ċaóiṁ,
’Dul róṁam air gaċ céim:
Se Dia ḃeir daṁ air m’eascárdiḃ,
Mo ṁian go ḃfeicfid féin.
11D’eagla mo ṗobal ḃeiṫ dearmadaċ,
Na mairḃ an ḃuiḋean úd:
O Ḋia, ár sgiaṫ léd ċuṁaċt sgaoil,
’S leag iad go hiosal fúd.
12Fa loċt a tteangṫa a’s caint a mbéil,
Na nuaillsean glacṫar iad:
Fa ḃriġ na mallaċt a’s na mbréug,
Do laḃair siad le héud.
13Sgrios iad ad ḟeirg ’sgrios iad go tur,
A’s téiġ siad as go dian;
A’s tuigeaḋ an sin gaċ uile ṫír,
Riġ Iacoib gur b’e Dia.
14Air teaċt ṫráṫnóna fillidís,
A’s taifnedís go hárd;
Mar ċoin fán mbaile a cuartuġaḋ,
Is aṁluiḋe ḃeid gan áird.
15Ag iarruiḋ biḋ go reaċránaċ,
Go luaimneaċ a’s fa ḃrón;
Ag déanaṁ iṫiomráḋ san oiḋċ,
Mur mbi a saiṫ na mbroinn.
16Aċ molfa mise féin do neart,
Go moċ ag seinn do ġrás;
Air son gur tu mo ṫearmonn ṫréan,
’S mo ḋaingéan féin ’s gaċ cás.
17’S tu mo neart, duiṫ ċanuim fonn,
Se Dia mo ḋidion tréan;
Se Dia féin, rinne trócáre orm,
A’s ċuidiġ leam a mḟéiḋm.

Currently Selected:

Psalm 59: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in