YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 55

55
LV Psalm.
1Taḃair éisteaċt dam ġuiḋe a Ḋé,
’S mo ġearán na diultuiġ féin;
2Taḃair aire a’s éist me ta cáoiḋ,
Le brón ’s le fuaim ro ġéur.
3Air son ġuṫ m’eascárde go léir,
A’s fóirneart fós na ndaoiḋ:
Oir olc a ṫeilg siad orm, a ḃfeirg,
Ḋaṁ ṫug siad fuaṫ gan díṫ.
4Mo ċroiḋe am ċúm ta cráiḋte goirt’,
Ṫuit oramsa eagla ḃáis;
5Criṫ agus uaḋḃás ṫáinic orm,
Ga’m ṡlugaḋ ’s me a nguais.
6Ansoin duḃairt, is truaġ náċ raiḃ,
Sgiaṫ ċoluim agam anois;
An sin ṫeiṫfin ag eitealúiġ,
Agus ġeóḃain suaiṁneas.
7Féuċ raċfain fós air ṡeaċran ḟad,
Ċum sgíṫ a ḃfásaċ ċruaiḋ;
8A’s ḋeanfuinn deiṫnios le ḋul as,
O ḋoinnean garḃ na ngaoiṫ.
9Ḋia sgoilt a’s sgrios ’dteangṫa oir ċím,
’S an mbaile fóirneart ṁór:
10Taid dul a mballuiḃ oiḋce a’s la,
Ta aṁleas ann a’s brónn.
11Eagcóir ro ṁór a’s olc a ta,
Na meaḋoin sin gan ċeist:
Seaḋ feall ó na sráidiḃ a’s cealg,
Ni ḋealúiġion sud gan feasd.
12Ni he mo náṁ’d tug maslaḋ ḋaṁ,
D’fuilingfin sin go réiḋ:
’S ni e fear m’fuaṫ a deiriġ rium,
Oir raċfuinn uaiḋ me féin.
13Aċ ṫusa, fear is cuailluiḋe ḋaṁ,
Fear m’eóluis a’s fear m’iúil;
14Buḋ ḃlasda ar ccóṁairl ’dol le cáċ,
Go hárus Dé na ndúl.
15Sealḃ gaḃaḋ orra an bás go grad,
Go hifrionn ṫeiḋ siad beó:
Oir aingiḋeaċt na ċóṁnuiḋe ta,
Na meaḋuin sud gaċ ló.
16Aċ mise gláoiḋfiḋ‐me air Ḋia,
Saorfuiḋ Iehóḃah me;
17Glaoḋ árd a’s urnuiġ ġniḋ me ris,
Moċ, feasgair ’sa meaḋuin lae.
18A’s cluinfiġ se go grad mo ġlaoiḋ,
M’anam se ṡaor a síṫ;
Ón ccaṫ ’s on ccóṁrac d’eiriġ rium,
Tráṫ ṡáruiġ móran mé.
19Cluinfiḋ an Dia ta láidir beó,
’S ḃeir doruing orra a’s pian;
Seaḋ fós a nDia air marṫuin ta,
’S a ḃí o ċian na ccian.
Is air an aḋḃar fós naċ ḃfuil,
Claoċlaḋ air biṫ na stáid:
Eagla an Tiġearna uime sin,
Do ṫeilg siad dioḃ air fad.
20A laṁ do ṡín an aġuiḋ súd,
A ḃi a sioṫċáin ris:
A ċonnraḋ is a nasgaḋ ḋluiṫ,
Go fealltaċ orra ḃris.
21Buḋ ṡleiṁne briaṫra ḃéil na ím,
Aċ cogaḋ cruaiḋe a mian:
Buḋ ḃlaiṫe a ccaint na olla ṫlaiṫ,
Giḋeaḋ buḋ ċloiḋ’ṁṫe dian.
22Aċ teilg do ċúram trom air Ḋia,
’Se ġníḋ do ċongṁáil suas:
Ni léigfiḋ ċoiḋċe an fíréun cóir,
Ó n’ ṡioṫċáin féin a nguais.
23Aċ ṫusa féin a Rí na ḃfeart,
A d’ ḟeirge ċeirt a Ḋé;
A sloċd da milleaḋ, teilgfiġ tu,
An ḃúiḋean úd gan ḃéus:
Na daoine cealgaċ fuilteaċ claon,
Ni ṁairfiġ leaṫ a ré:
Aċ ionadsa a Ḋé na slóiġ,
Mo ḋóċas cuirfiġ mé.

Currently Selected:

Psalm 55: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in