YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 46

46
XLVI Psalm.
1’S e Dia is tearmuinn duin go beaċt,
Ar spionnaḋ e ’sair neart;
’Traṫ ṫig buarreaḋ orm go trom,
Mo ċoḃair e go ceart.
2Mar sin da ngluaiseaḋ an uir trom,
Ni’l aḋḃar eagal duinn;
Da tteilgfiġ fós na sléiḃte mór,
Go meaḋon fárge a’s tonn.
3Na huisgeaḋa le béiciḃ borb,
Da raċaḋ ṫair a ċéil;
Le na hatsan da mbeiṫ air criṫ,
Na beanna ard go léir.
4Ta aṁuin ann le sruiṫuiḃ séiṁ,
Ġníd caṫair Dé ro ait;
Luaṫċar náoṁṫa an ti as ard,
A ḃfuil sior‐coṁnuiḋe aig’.
5Ta Dia na meaḋoin innte astiġ,
Mar sin ni gcluaistear í;
O is furtaċt agus congnaṁ lei,
Se Dia go moċ a ġniḋ.
6Do rinneadar na cinniḋe fuaim,
Na tiorrṫa ġluais go cas;
Air gcur do Ḋia, a ġuṫ amaċ.
Do leaġ an talaṁ as.
7Ta Dia na sluaġ linn féin do ġnaṫ,
Dia Iacoib is tearmuinn duinn;
8Tigiḋe a’s feuċuiḋe oibre De,
Gaċ sgrios air talaṁ, rinn.
9Go crioċuiḃ fós an doṁuin ṁóir,
An cogaḋ ġniḋse ċosg;
An boġa ḃris an tsleaġ do ġearr,
An carbaid coguiḋ loisg.
10Cosguiḋe a’s tuigiḋe gur me Dia,
Ardóċar me do ṡiór;
A measg na sluaġ bioḋ urruim ḋaṁ,
Air feaḋ gaċ uile ṫír.
11Ta Dia na sluaġ ag congnaṁ linn,
’Sa ccóṁnuiḋe ós ár ccionn;
Se Dia Iacoib is tearmuinn duinn,
D’ar ḃfurtaċt an ’sgaċ am.

Currently Selected:

Psalm 46: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in