YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 45

45
XLV Psalm.
1Aḋḃar aḃráin naoiṁ agus ceoil,
Ta ’deaċtaḋ suas am ċroiḋe;
A’s laḃruim air an obair sin,
Do Rinneas féin don riġ.
Mar ṗeann sgríoḃnóra ḋeiṫneasuiġ,
A sgríoḃas sios go luaṫ;
A’s aṁluiḋe sin mo ṫeanga ta,
Air t’onóir ard da luaḋ.
2Is aille ṫu na slioċt na ndaoin’,
Ta grása ort go fial;
Is air an aḋḃarsin rinn Dia,
Do ḃeanuġaḋ do ṡior.
3Deasuiġ do ċloiḋeaṁ air do leis,
O ṫusa ġaisgiḋe ṁóir;
Led’ ċuṁaċta ’s led ḋaiṫeaṁlaċt,
Led’ ṁaiseaṁlaċt ’s led ġlóir.
4’Ḃriġ ḟire, ceansaċt agus ċeirt,
Marcuiġ go buaiḋeaċ árd;
A’s niṫe uaṁar múinfiġ ḋuit,
Do ḋeas‐laiṁ an ’sgaċ áit.
5Is géur do ṡoiġde sgriosfar leo,
Eascárd uile an riġ;
Ṫrid sin tuitfiḋ an pobul fúd,
A’s ġniḋtear leat a cclaoiḋ.
6Go suṫain a’s go siorruiḋe ta,
Do ċaṫaoir rióġḋa féin;
A’s colḃa fíréuntaċt, a seaḋ,
Colḃa do río’ċt a Ḋé.
7Do ġráḋuiġ tusa fíréuntaċt,
A’s ṫug tu fuaṫ don olc,
Os cionn do ċompánuiġ ḋoirt Dia,
Do Ḋiasa, ol’ ċluas ort.
8Don alos, ṁir a’s casia,
O t’éudaċ bolaḋ ċuir;
Leo sud go raiḃis luaṫġáireaċ,
Od ṗailís mar eibir.
9Ar measg do ṁnáiḃ onóraċa,
Ta ingiona an riġ;
A’s an or Óṗir air do ḋeis,
Do Rioġán seasuiġ si.
10A inġion eist, a’s feuċ go dluiṫ,
Agus claon sios do ċluas;
Tiġ ṫ’aṫara ’s do ḋaoine féin,
Na cuiṁniġ o so suas.
11Santóċuiḋ mar sin an riġ,
Do sgéiṁ ro ṫlaċt do féin;
Óir ’se do Ṫi’arna a’s do Ṫriaṫ,
T’uir urraim do a’s géill.
12Ṫig inġeana Ṫíor ċugad fós,
Le tioḋlacaḋ go luaṫ;
A’s iarran siadsean grás a’s ioċt,
Ta neartuiġṫe sa tsluaġ.
13Inġean an riġ go dearḃ a stiġ,
Ta uile lán do ġlóir;
Ta culuiḋ éaduiġ uimpe fós,
Air oibriuġaḋ le hór.
14Ann a brat d’obair ṡnaṫuid gréis,
Beirṫear ċum an riġ;
Na maiġdiona a compánuiḋ,
Da leanṁuin dluiġ na diáiġ.
15Le luaṫġáir a’s lé gárdeaċas,
Le suḃaċas gan díṫ;
Le haoiḃneas ṫeid siad uile suas,
Go luaṫar árd an ríġ.
16A náit haiṫreaċa biaiḋ do ṁic,
Mar ṗrionsuiḋe tréana mór;
Air na suiġeóċa le deis‐laiṁ De,
’S an talaṁ mar is coír.
17T’ainm glórṁar do gaċ linn a ṫig,
Air cuiṁne cuirfiġ me;
A’s ḃeir mar sin an pobul ḋuit,
Ard‐ṁolaḋ feaḋ gaċ ré.

Currently Selected:

Psalm 45: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in