YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 44

44
XLIV Psalm.
1Lé’r ccluasuiḃ ċualaiḋ sinn a Ḋé.
Ar sinnsear ċuir a ccéill;
Na gnicṁarṫa do rinneaḋ leat,
A naimsir ḟada ccéin.
2Led’ laiṁ mar ṫeilg tu ’maċ na slóiġ
A’s iadsan ċur na náit;
Mar rinnis air na cineaḋ claóiḋ,
Aċt ḋoiḃsean ṫugaiġ sáiṫ.
3Oir seilḃ na tíre ni ḃfuaradar,
Le na gcloiḋeaṁ ro ġlainn;
Ni mo rine a ngárda féin,
A saoraḋ fos ó ġoin.
Aċ do laiṁ ḋeas ṫug ḋoiḃ an buaiḋ,
Do ríġ ta neartṁar tréun;
A’s solus glan do ġnuis ó ċiann,
Go ttug tu ḋoiḃsean aónt’;
4Oir is tusa féin Ḋia na ḃfeart,
Mo Ṫiġearna a’s mo Ríġ;
Furtaċt do Iacob orduiġ uait,
A’s fuasguilt arr gan díṫ.
5’S an tríd do neartsa leagfair sios,
Na huile is naṁuid duinn;
Tríd’ h’ainmsí saltoram fuinn,
An drong a eirġios ċú’in.
6Oir as mo ḃoġa ni ḋéanfad dóiġ,
Ni furtaċt ḋaṁ mo lann;
7Aċt ’s tusa náiriġ luċt ar ḃfuaṫ,
O’r naiṁdiḃ ṡaorais sinn.
8Air feaḋ an laé is ann ar nDia,
A ġniḋ sinn uaill a’s glóir;
As t’ainmse fós air feaḋ gaċ dinn,
Ard‐ṁolfuiḋ sinn go mór.
9Aċt rinn tu ’nois ár tteilgion ḋiot,
A’s náiriġ tusa sinn;
A’s ’maċ lé’r sluaġtuiḃ ’slé’r mbuiḋin,
Ni ḃfuil tu fein dul linn.
10A dteiṫeaḋ ċuir tu sinn air ais,
Ó’n naṁuid ġéur ’s an ccaṫ;
A’s luċt ar miorúin ’taid ḋoiḃ féin,
Ag deanaṁ créiċ a’s sgáṫ.
11Mar ṁinealaiġ ṫug sin mar ḃiaḋ.
’Measg ġeintiḃ scaoileas sinn;
12’Reic tu do ṗobál féin gan ní,
’S nior ṁeud’ios luaċ da ccinn.
13Do rinnis scanuil ḋinn go truaġ,
D’ár ccóṁarsanuiḃ go léir;
Ball‐maguiḋ da ḃfuil fa ccuárt,
A’s ball‐fanuid mar an cceadn’.
14A measg na gcineaḋaċ air fad,
Sean‐ḟocal rinnis ḋinn;
’S measg an ṗobuil an ’sgaċ áit,
M’ár aḋḃar craṫaḋ cinn.
15Ta m’aṁgar a’s mo ṁaslaḋ ġéur,
A’m’ ḟiaġnuise féin do ġnaṫ;
Rinn náire ’s lasaḋ fós mo ġruaiḋ,
M’folaċ go truaḋ gaċ la.
16Se sin mo ċor’ ttaoḃ ġuṫ an ḟir,
A ċáineas me go holc;
’S a spreagas me, ttaob a naṁáid,
’S an dioġaltuiġ ’sa loċt.
17Sud uile ge do ṫáinic ornn,
Nior ḋearmuid sinne ṫu;
Nior rinneamar bréug no briseaḋ claon,
’Naġuiḋ do ċunnruiḋ ḋlúiṫ.
18Nior ṫaoḃ ar naigne uatsa a riaṁ,
Ni ċuaiġ ar ccroiḋe air ccúl;
Ód’ ṡliġe fós, nior ċlaon ar ccos,
’S nír ċuaiḋ air seaċran siú’l.
19A’s giḋ gur ḃruiġ tu sinn go mion,
A nionuid ḋraguin sios;
A’s giḋ gur ḟoluiġ tusa sinn,
Le sgáile an ḃáis arís.
20Ma se gur léig sinn as ar ccuiṁ’n,
Ainm uasal ard ar nDé;
No go hioṁaiġ coiṁṫiġeac ḃreig,
Ar laṁ gur ṡín sinn réiḋ.
21Naċ spionfuiġ Dia so fein amaċ,
Oir aige ta sáirḟios;
Air ḋioṁáreaċt a ċroiḋe a stiġ,
Gaċ cor a ta’n a’s cleis.
22Oir air do ṡonsa ṁarḃuiġṫear sinn,
Air feaḋ an lae go léir;
Mar ċaoire ta sin air ar meas,
Ċum cosgarṫa go géur.
23Mosguil cred fa na gcodlan tu,
Ḋia eiriġ as do ṡuan;
Go braṫ na teilgse sinne amaċ,
Na triall sa fada uainn.
24Creud as fár ḟoluiġ tu do ġnúis,
Creud as fár ḋearmuid tu;
Ar naṁgar a’s ár négean mór,
Ag iaṫaḋ or’nn go dluṫ.
25Oir ċrom ár nanam sios do’n uir,
Ar mbruinn re talaṁ ṫeann;
26Ad ṫrócáre eiriġ cuidiġ linn,
A’s furtuiġ ornn san am.

Currently Selected:

Psalm 44: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in