YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 42

42
XLII Psalm.
1Mar ṫogras eilit sroṫán uisg,
Le buireaḋ ard go géur;
Mar sin ta m’anam tógḃail suas,
Ag éiġ ċúġadsa a Ḋé.
2Ta tart air m’anam ċum mo Ḋia,
Mar ġeall air Ḋia ta beó;
Ca huair ṫiucfaḋ me do laṫair,
An Tiġearna mo ġlóir.
3Gaċ la a’s oiḋċe is iad mo ḋéar,
Is cuiḃrion daṁ ’s as biaḋ;
An uair deirid riom do ġnáṫ,
Ca bfuil anois do Ḋia?
4Ta m’anam air na ḋortaḋ amaċ,
A cuimniuġaḋ gaċ níḋ;
Oir ċuaiḋ me leis an ccóiṁṫionól,
Dul léo go teampoll Dé.
Do ċuaiġ me léo le gairdeaċas,
’Sṁolaḋmuir fós le ċéil;
Leis an ccuideaċta sin do ḃí,
Ag coiṁead laéṫe féil.
5O m’anam creud far leagaḋ ṫu,
Le buaiḋreaḋ claonaḋ siós;
A’s creud fa ḃfuil tu ttaoḃ a stiġ,
Fa ḋóruing a’s fa sgíos.
Cuir dóċas daingion ann do Ḋia,
Oir feasda molfad é:
Air son ḟurtaċt agus a ṡláint,
’Ṫig ċú’m on éadan réiḋ.
6Ṫuit m’anam ionam sios a Ḋé,
Mar sin cuiṁniġim ort;
O ṫalaṁ Iórdan, Hermon aird,
O Ṁisar ard na ccnoc.
7Le fuaim do ṡruṫán uisge féin,
Ta doiṁne air ḋoiṁne ’gairm;
Do stuaiḋe a’s do ṫonna ard,
Dul ṫor’m ata le toirm.
8Ordóċuiḋ Dia dá ġrásaiḃ ḋaṁ,
A ċaoiṁneas annsa ló;
San óiḋce ġniḋim guiḋ a’s céol,
Re Dia a ċúm me beó.
9Mo ċarruig creud far ṫréigis me,
Re Dia a ḋéirim féin;
Creud fa ḃfuilim ag triall fa ḃrón,
Tre ḟóirneart m’eascar tréun.
10Mar lann am ċnaṁuiḃ m’eascairde,
Taḃairt oilḃeim ḋaṁ ta;
Traṫ deir siad riom go fonóideaċ,
Cá ḃfuil do Ḋia gaċ lá?
11O m’anam creud fár leagaḋ ṫu,
Le brón ag claonaḋ sios?
A’s creud a ḃfuil tu ttaob a stiġ,
Fuiḋ aiṫṁéal a’s fuiḋ sgíṫ.
Cuir dóċus daingion ann do Ḋia,
Oir molfad e do ġnáṫ;
Oir is se is sláinte dom’ ġnuis,
Is se mo Ḋia go bráṫ.

Currently Selected:

Psalm 42: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in