YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 33

33
XXXIII Psalm.
1O siḃse ta ḃur ḃfíréunaiḃ,
Bioḋ aiteas or’ḃ a nDia;
Oir ’is cuḃuiḋ do na dáoiniḃ cóir,
Ḃéiṫ’ taḃairt cluḋ don Triaṫ.
2Air ċlarsuiġ tugaiḋe molaḋ ḋo,
A’s air an tsaltar ġrinn;
Air innil ciuil na ndeiċ ttéud,
Seinniḋe do Ḋia go binn.
3A’s cannuiḋe ḋosan aḃrán nuaḋ,
Ard‐ċinniḋe fonn gan stad;
4Oir is ceart’ reaċt, a ḃfír ne fós,
Ta oibre déant’ air fad;
5Is ionṁuin leision cóir a’s ceart,
’Lion maiṫeas Dé gaċ tír;
6Rinn le na ḃreiṫir neaṁ ’sa sloiġ,
Le sp’rid a ḃéil go fíor.
7Mar ṫor ata se cárnaḋ suas,
Uisge na fairge ṁóir;
A coiṁéud fós na ndoiṁne suas,
Go dilios ’na ṫiġ stóir.
8’Nois roiṁ an Tiġearna go mór,
Bioḋ eagla air gaċ tír;
A’s air aitreaḃaiḃ an tsáoġuil,
Bioḋ uṁan mór do ṡíor.
9Oir laḃair Dia a’s rinne se,
D’órduiġ a’s ċuir air ċois;
10Ċuir cóṁairle na sluaġ air ccúl,
A’s irtleaċt ḋáon’ air ais.
11Ta cóṁárle Iehoḃah ṁóir,
Go seasṁaċ buan go bráṫ;
Smuainte a ċroiḋe mar an cceadn’,
O linn go linn faói ḃláṫ.
12’S beannuiḋe an ċineaḋ sin da ḃfuil,
Mar Ḋia Iehoḃah tréun;
’San poball fós do roġnuiġ sé,
Mur oiġreaċt ḃuan do féin.
13Air ċloin na ndáoine dearcfuiġ Dia,
O neaṁ na speur a nuas;
14’S léar ḋo gaċ duine san ccruinne ċé,
O’ ionad ċóṁnuiḋe nuas.
15A gcróiḋe a neinḟeaċt cumaḋ leis,
Ṫugse fa ndear an gnioṁ;
16Ni cúṁduiġṫear riġ le hiomad slóiġ,
Do laoċ neart mór ni díon.
17An t’éaċ sán ccóṁrac ’s dioṁáoin e,
A deanaṁ furtaċt leis;
Na ’déanaṁ didean a nam feiḋm,
Giḋ mór a luṫ sa ṫreis.
18Feuċ, súile Dé go fuireaċ air,
An luċt eagluiġeas é;
Agus air an dream as a ġras,
Gniḋ muiníġin naċ baoṫ.
19Ċum a nanam ḋíon ó’n mbás,
’Són nun a ċungḃáil beó;
20Feiṫiḋ ar nanam féin air Ḋia;
Ar neart ’sar sgiaṫ gaċ ló.
21Oir ann san ġniḋ ar ccroiḋ a stiġ,
Úr‐ġárdeaċas gan díṫ;
A’s ċuir sinn a nainim ro náoṁ,
Ar muiníġin do ṡior.
22Do ṫrócáre go raiḃ orainn,
A Ṫiġearna, gaċ lá;
A réir mar ċuir sinn ionnad féin,
Ar ndóċas tréun do ġnáṫ.

Currently Selected:

Psalm 33: PSA1836G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in