Psalm 38
38
XXXVIII Psalm.
1A Thighearna ann d’fearg mhóir,
Na cronnuigh me go garg;
Na dean mo smachtughadh go géur,
Ann uair a lasas d’fearg.
2Oir ataid do shaghide guineach géur,
’Nam saithte féin go teann;
A’s oram ata do lamh go trom,
Dom chongbhail sios gach am.
3Oir slainte air bith ni’l a m’feoil,
Air son do chorruidhe ghéur;
A’m’ chnamhuibh ni’l támh na sos,
Do bhrigh mo pheacuidhe féin.
4Oir chuaidh mo pheacuidhe ós mo chionn,
Taid orm na neire trom;
5Mo chreachta ata ro lobhtha ’s bréun,
Mo leimhe is coireach leam.
6Ta me go cráidhte easlán crom,
A triall gach lá le brón;
7Mo leasruigh lann do ghalar bhréun,
Gan fallaineacht a’m’fhéoil.
8Taim lag a’s fann a mbuaireadh fós,
Tre mhioshuaimhneas mo chroidhe;
9Ad lathair a Dhé ta muille mhian:
Nior foluigheadh ort mo chaoidh.
10Mo chroídhe do shior ata luamneach,
Mo neart chuaidh uaim go glan;
A bhfeicsin radhárc géir mo shúl,
Sin agam fós niór fhann.
11Ta lucht mo ghaoil ’smo chárde caoimh,
A seasamh a bhfad óm’ fhéidhm;
Mo chómharsanuidhe a’s lucht mo phárt,
Ag teitheadh uaim a ccéin.
12Seilg orm ta lucht iarrtha m’anm,
Lucht iarruidh m’ oilc do ghnath;
A labhairt neithe aimhleasach,
’Sa smuaineadh ceilg gach la.
13Ach mise fós mar bhodhrán me,
Nach ccluineann guth na sgéul;
Is cosmhuil me le duine balbh,
Gan chumas fosglaidh bhéil.
14Mar sin mur dhuine me nach ccluinn,
Gan achmhúsán a’m’ bhéul;
15Oir dhearbh me riot a Dhé mo Thríath,
D’freagair tú me fa chéil.
16Dubhárt me chum nach maoidhfeadh siad,
Tabhuir freagradh orm go cas;
A’s chum na ndéanuidh gárdeachas,
Trath shleamhnóchadh mo chos.
17Óir is dluith chum claonuigh me smo bhrón,
Am’ fhiadhnuise ta do ghnáth;
18Mo locht insim a’s fós mo chiont’,
Mór‐dhoilghios ormsa ta.
19Ach ’mheud ata na namhuid damh,
Is ro bheo iad ’s as tréun;
A’s lucht mo mhiorúin eaccórach,
Taid liónmhar mar an cceadn’.
20Siad sin is naimhde dhamh go fíor,
Lucht diolta maith le holc;
Arson go bhfuil me leanmhuin air,
An nidh ta maith gan locht.
21Na tréig me Thighearna mo Dhia,
Na bise uaim a ccéin;
22A Dhia gléas chum mo chobhárugh’,
Oir ’s tu mo shláinte séín.
Currently Selected:
Psalm 38: PSA1836
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836