YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 75

75
Salm 75.
Confitebimur tibi.
1Tugaimidne buíochas leat, a Dhia: is duit a thugaimid buíochas.
2Tá dʼAinm i bhfogas: mar fhoilsíonn dʼoibreacha iontacha.
3San am ainmnithe, deir Dia: tabharfaidh mé breithiúnas de réir chirt.
4Is lag an talamh, agus a áitreabhaigh uile: is mé choinníos a cholúna ina seasamh.
5Dúirt mé leis na hamadáin, Stadaigí de bhur ngníomhartha mire: agus le lucht an oile, Ná tógaigí bhur n‑adharc.
6Ná tógaigí bhur n‑adharc in airde: agus ná labhair go cruamhuineálach.
7Óir ní anoir ná aniar a thagann an t‑ardú: ná aneas féin.
8Agus cad chuige? Is é Dia is breitheamh ann: cuireann sé síos duine amháin, agus tógann sé duine eile.
9Óir tá cupán i láimh Dé, faoi fhíon dhearg: tá sé lánmheasctha, agus tá sé ag doirteadh as.
10Is é tá i ndán dá dhríodar: go mbeidh lucht oile uile an talaimh á ól agus á dhiúl.
11Ach beidh mise ag labhairt ar Dhia Iácóib: agus á mholadh go deo.
12Agus brisfidh mé adharca uile lucht an oilc: agus ardófar adharc a na bhfíréan.

Currently Selected:

Na Sailm 75: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in