Na Sailm 76
76
Salm 76.
Notus Iudaea.
1Is aithnid Dia in Iúda: is mór a Ainm in Iosrael.
2Is i Salem atá a phailliún: agus is i Síón atá a chónaí.
3Ba ansin a bhris sé saigheada an bhogha: an sciath agus an claíomh agus an cath.
4Is glórmhar cumhachtach thú: nuair a thagann tú ó shléibhte na gcreachadóirí.
5Rinneadh creach ar lucht an uabhair, agus thit a gcodladh orthu: agus na fir uile is láidir lámh, ní fhuaireadar aon ní.
6Led achasán, a Dhia Iácóib: thit an carbad agus an t‑each ar aon.
7Is tú féin is ineaglaithe: agus cé a sheasfadh id amharc nuair a bhíos fearg ort?
8Dʼfhoilsigh tú do bhreithiúnas ó neamh: chrith an talamh agus dʼfhan sé socair,
9Nuair a dʼéirigh Dia do thabhairt breithiúnais: agus do chuidiú le daoine ceansa ui le an talaimh.
10Déanfaidh dásacht an duine tú a mholadh: agus cuirfidh tú srian lena ndásacht.
11Geallaigí do bhur dTiarna Dia, agus comhlíonaigí bhur ngealltanas, a dhream a bhíos ina thimpeall: tugaigí tabhartais chuig an té is ineaglaithe.
12Cuirfidh sé srian le sprid na bhflath: agus is iontach é i measc ríthe an talaimh.
Currently Selected:
Na Sailm 76: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965