YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 26

26
Salm 26.
Judica me, Domine.
1Go mba tú mo bhreitheamh, a Thiarna, ó shiúil mé go neamhchoirtheach: bíodh mo mhuinín as an Tiarna, agus ní thitfidh mé dá bhrí sin.
2Promhaigh mé, a Thiarna, agus féach mé: breathnaigh mʼáranna agus mo chroí.
3Óir bíonn do charthanacht os comhair mo shúl de shíor: agus siúlfaidh mé de réir dʼfhírinne.
4Níor chónaigh mé le daoine díomhaoine: agus ní choinneoidh mé cuideachta le lucht na bréige.
5Thug mé fuath do chomhthionól lucht an oilc: agus ni shuífidh mé i measc na ndrochdhaoine.
6Nífidh mé mo lámha i neamhchoirtheacht, a Thiarna: agus is amhlaidh a tharraingeoidh mé ar dʼaltóir;
7Go gcluintear mo ghlór ag altú duit: agus ag insint dʼoibreacha iontacha.
8A Thiarna, thug mé grá do dʼáras tí: agus dʼáit cónaithe dʼonóra.
9Ná cuir mʼanam faoi ghlas i measc na bpeacach: ná mo bheatha le lucht doirtithe na fola;
10A mbíonn an choir ina lámha: agus a lámh dheas lán de bhreabanna.
11Ach is amhlaidh a shiúlfaidh mise go neamhchoirtheach: go mbʼáil leat mʼfhuascailt agus bheith trócaireach liom.
12Is daingean seasamh mo choise: molfaidh mé an Tiarna ar na comhthionóla.

Currently Selected:

Na Sailm 26: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in