YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 4

4
Is mar gheall ar a Chreideamh
a Fíréanaíodh Abrahám
1Cad a déarfaimid, mar sin, faoi Abrahám, ár sinsear de réir na feola? 2Más mar gheall ar a ghníomhartha a fíréanaíodh Abrahám, tá cúis mhórála aige, ach ní i bhfianaise Dé é, 3mar cad é seo a deir an scrioptúr: “Chreid Abrahám Dia agus áiríodh é sin mar fhíréantacht aige.” 4Nuair a dhéanann duine píosa oibre ní mar aisce a áirítear a thuarastal ach mar cheart. 5An duine, áfach, nach ndéanann aon ní ach creidiúint sa té a fhíréanaíonn an t-éagráifeach, áirítear a chreideamh mar fhíréantacht aige. 6Ar an gcuma chéanna go díreach tráchtann Dáiví ar aoibhneas an duine ag a n-áiríonn Dia fíréantacht gan spleáchas do ghníomhartha:
7Is aoibhinn dóibh siúd ar maitheadh a gcionta dóibh agus ar clúdaíodh a bpeacaí.
8Is aoibhinn don duine nach gcuireann an Tiarna a pheaca ina leith.
Gan Spleáchas don Timpeallghearradh
9An do mhuintir an timpeallghearrtha an t-aoibhneas seo nó fós don mhuintir atá gan timpeall-ghearradh? Táimid a rá “gur áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht ag Abrahám”. 10Ach conas a áiríodh? Tar éis a thimpeallghearrtha nó sular timpeall-ghearradh é? Ní tar éis a thimpeallghearrtha é ach roimhe sin, 11mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeall-ghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamh-thimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n-áirítear an fhíréantacht dá bharr; 12agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeall-ghearradh é.
13Ní mar gheall ar aon dlí a gealladh dʼAbrahám ná dá shliocht go mbeadh sé ina oidhre ar an domhan ach mar gheall ar fhíréantacht chreidimh. 14Mar, más iad na daoine atá i dtaobh leis an dlí is oidhrí, tá an creideamh gan bhrí agus an gealltanas gan éifeacht. 15Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach a oiread. 16Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní hamháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir 17de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i dʼathair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn na nithe nach bhfuil ann ar nós na nithe atá ann.
Creideamh Abrahám agus Creideamh an Chríostaí
18Agus gan aon ábhar dóchais aige, chreid sé go dóchasach go mbeadh sé ina athair ar mhórán náisiún de réir mar a bhí ráite: “Amhlaidh sin a bheidh do shíol.” 19Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin–bhí sé ag tarraingt ar an gcéad–agus ar bhroinn mharbh Shárá. 20Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia 21mar go raibh sé lánchinnte de go bhféadfadh Dia a raibh geallta aige a chur i gcríoch. 22Sin é an fáth ar “áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht aige”. 23Agus ní ina thaobh sin amháin a scríobhadh na focail seo: “Áiríodh mar fhíréantacht aige é” 24ach inár dtaobh-na chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna, 25a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.

Currently Selected:

Rómhánaigh 4: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in