YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 3

3
1Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach mar sin? Nó cad é an tairbhe dó an timpeall-ghearradh? 2Tá tairbhe mhór ann ar gach slí. Ar an gcéad dul síos is faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé. 3Má bhí féin cuid acu mí-dhílis, an gcuirfidh a mídhílseacht sin dílseacht Dé ar ceal? 4Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.” 5Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? (i dtéarmaí an duine atáim ag caint). 6Níl ná éagórach, mar dá mbeadh conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan? 7Mar sin féin, má dhéanann mo chuid éithighse fírinne Dé a mhéadú agus cur lena glóir, cén fáth a dtugtar breith pheacaigh fós orm? 8Mar an amhlaidh a “dhéanfaimis an t-olc chun go dtiocfadh an mhaith as”, teagasc a chasann daoine áirithe linn mar mhilleadh ar ár gclú. Is maith atá an daoradh tuillte acu siúd.
Tá Peaca ar Chách Uile
9Cad atá le rá mar sin? An fearr an bhail atá orainne ná mar atá orthu-san? Ní fearr ar chor ar bith, mar chuireamar i leith Giúdach agus Gréagach cheana féin go bhfuil siad uile faoi smacht an pheaca 10de réir mar atá scríofa:
Níl a oiread agus aon fhíréan amháin fágtha;
11Níl duine ann a bhfuil tuiscint aige
ná duine a bhfuil lorg aige ar Dhia.
12Tá siad uile imithe ar seachrán agus chun fáin le chéile.
Níl a oiread agus aon duine amháin a dhéanann an mhaith.
13Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh;
caint chealgach a bhíonn ar a dteanga
agus nimh nathracha faoina mbeola,
14agus a mbéal lán dʼeascainí agus de bhinb.
15Is lúfar a gcosa chun fuil a dhoirteadh.
16Eirleach agus ainnise atá ar an mbóthar a ghabhann siad,
17ach bóthar na síochána ní aithnid dóibh,
18ná níl eagla Dé os comhair a súl.
19Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfear gach béal ina thost agus go mbeidh an domhan go léir freagrach do Dhia. 20Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomh-líonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.
Fíréantacht Dé dá Nochtadh
21Anois, áfach, tá fíréantacht Dé arna nochtadh gan spleáchas leis an dlí ach go bhfuil an dlí agus na fáithe ina bhfianaise uirthi. 22Trí chreideamh in Íosa Críost téann fíréantacht seo Dé i gcion ar an uile dhuine a bhfuil an creideamh aige. Níl aon dealú ann, 23mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile in uireasa ghlóir Dé; 24fíréanaítear in aisce lena ghrásta iad de bharr na fuascailte atá in Íosa Críost, 25an té ar leag Dia amach dó a bheith in shás peacaí a ghlanadh lena chuid fola ach creideamh a bheith ann, chun fíréantacht Dé a thaispeáint agus a rá gur lig sé thairis le barr a fhoighne na seanpheacaí a bhí déanta; 26agus lena thaispeáint san am i láthair chomh maith go bhfuil sé fíréanta ann féin agus go bhfíréanaíonn sé gach duine a bhfuil a chreideamh in Íosa aige.
Feidhm an Chreidimh
27Cá bhfuil do chuid mórála, mar sin? Tá an doras dúnta uirthi. Agus cad é an saghas dlí a dhún an doras uirthi? Dlí na n-oibreacha an ea? Ní hea go deimhin, ach dlí an chreidimh. 28Mar is é ár mbreith gur trí chreideamh a fhíréanaítear duine gan spleáchas dʼoibreacha an dlí. 29Nó an leis na Giúdaigh amháin Dia? Nach leis na págánaigh chomh maith é? Go deimhin is leis na págánaigh chomh maith é, 30mar níl ann ach an t-aon Dia amháin agus fíréanóidh sé an mhuintir thimpeallghearrtha mar gheall ar a gcreideamh agus an mhuintir gan timpeall-ghearradh trína gcreideamh chomh maith. 31An bhfuilimid ag cur an dlí ar neamhní leis an gcreideamh mar sin? Nílimid ar chor ar bith. Is ag daingniú an dlí atáimid.

Currently Selected:

Rómhánaigh 3: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in