YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 2

2
Ceartbhreithiúnas Dé ar Chách
1Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agat-sa, a dhuine, is cuma cé thú féin, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá tú a dhaoradh, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna. 2An breithiúnas, áfach, a thugann Dia ar dhaoine a dhéanann a leithéidí sin, tá a fhios againn go mbíonn sé de réir na fírinne. 3Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n-éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin dá ndéanamh chomh maith leo? 4Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé? 5Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithríoch tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lá úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé, 6a chúiteoidh le cách de réir a ghníomhartha. 7An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus ar onóir agus ar mharthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí; 8fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid. 9Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t-olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith. 10Ach glóir agus onóir agus síocháin a bheidh ag cách a dhéanann an mhaith, ag an nGiúdach ar dtús agus ag an nGréagach chomh maith, 11mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile.
12Gach duine dá ndearna peaca gan a bheith faoi réir an dlí caillfear é gan an dlí a chur san áireamh. Ach aon duine dá ndearna peaca agus é faoi réir an dlí, is de réir an dlí a thabharfar breith air. 13Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar. 14Gintlithe nach bhfuil an dlí acu, gach uair dá gcomh-líonann siad forálacha an dlí ó nádúr is dlí dóibh féin iad ainneoin nach bhfuil an dlí acu. 15Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar a bhíonn siad dá chiontú seo nó dá chosaint siúd, 16an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost.
Peacaí na nGiúdach
17Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat; 18agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n-aithníonn tú na nithe is fiúntaí; 19má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill thú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas, 20gur tú oide na n-ainbhiosán agus múinteoir na naíonán mar go bhfuil corp an eolais agus na fírinne agat sa dlí– 21tusa, más ea, a bhíonn ag múineadh an fhir thall, nach múinfeá thú féin? Bíonn tú ag fógairt gan goid a dhéanamh, ach an mbíonn tú féin ag goid? 22Bíonn tú dá rá gan adhaltranas a dhéanamh, ach an ndéanann tú féin adhaltranas? Is fuath leat na híola, ach an gcreachann tú a dteampaill? 23Bíonn tú maíteach as an dlí ach an dtugann tú tarcaisne do Dhia tríd an dlí a bhriseadh? 24Mar de réir an scrioptúir: “Is sibh-se faoi deara ainm Dé a bheith dá mhaslú i measc na ngintlithe.”
25Is tairbheach é an timpeall-ghearradh go deimhin má choimeádann tú an dlí, ach más duine thú a bhriseann an dlí is cuma do thimpeallghearradh a bheith ann nó as. 26Ar an taobh eile de, an fear nach bhfuil timpeallghearrtha ach a choimeádann reachtanna an dlí, nach n-áireofar é siúd nach bhfuil timpeallghearrtha mar dhuine atá? 27Go deimhin an té atá gan timpeall-ghearradh na colainne, má chomh-líonann sé an dlí tabharfaidh sé daorbhreith ort-sa a bhíonn ag sárú an dlí dʼainneoin cód scríofa agus timpeall-ghearradh a bheith agat. 28Mar ní fíor-Ghiúdach an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní fíor-thimpeallghearradh an marc lasmuigh ar an gcolainn. 29Ní hea, ach is é is fíor-Ghiúdach ann an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh; agus is é is fíor-thimpeallghearradh ann, timpeall-ghearradh an chroí nach sa litir ach sa spiorad atá. Ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheann a leithéid siúd moladh.

Currently Selected:

Rómhánaigh 2: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in