Rómhánaigh 10
10
Níor Thuig na Giúdaigh
Fíréantacht Dé
1Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad. 2Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é. 3Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad dʼfhíréantacht Dé. 4Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.
Dʼfhógair Maois é seo Fadó
5Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: “An té a chomh-líonann í, mairfidh sé inti.” 6Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: “Cé a rachaidh suas ar neamh?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas); 7nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh). 8Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt). 9Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú. 10Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. 11Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” 12Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, 13“mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”
Níl aon Leithscéal ag Iosrael
14Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa té nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine dá fhógairt dóibh? 15Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”
16Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?” 17Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin. 18Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”
19Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois:
“Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobal
agus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.”
20Agus téann Íseáia chomh fada lena rá:
“An mhuintir nach raibh do mo lorg,
is iad a fuair mé.
Agus an mhuintir nach raibh do mʼfhiafraí,
is dóibh a dʼfhoilsigh mé mé féin.”
21Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.”
Currently Selected:
Rómhánaigh 10: ABN2012
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.