YouVersion Logo
Search Icon

Salm 36

36
Trócaire an Tiarna
1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna.
2Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach
i ndiamhair a chroí.
Ní choimeádann sé eagla Dé
os comhair a shúl.
3Cuireann sé ina luí ar a aigne
nach eol do dhaoine
an choir atá déanta aige
agus nach fuath leo í.
4Tá urchóid agus cealg ina bhéal
níl ciall aige don mhaith.
5 Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheacht
ina luí ar a leaba dó.
Gabhann sé i slí nach maith
agus ní shéanann sé an t‑olc.
6Sroicheann do bhuan-ghrá na flaithis, a Thiarna,
agus do dhílse na néalta.
Tá dʼfhíréantacht mar shléibhte Dé:
7do bhreithiúnas mar an duibheagán.
Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.
8A Thiarna, nach luachmhar é do bhuan-ghrá!
Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort
go ngabhann faoi scáth do sciathán.
9Líontar le méitheas do thí iad
tugann tú deoch dóibh as abhainn dʼaoibhneas,
10óir is leat-sa atá foinse na beatha;
agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.
11Bíodh grá agat de shíor do lucht dʼadhartha,
agus cothromas do lucht an chroí dhírigh.
12Ná gábhadh an díomasach de chosa orm:
ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé.
12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide;
tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.

Currently Selected:

Salm 36: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in