YouVersion Logo
Search Icon

Salm 32

32
Maitheamh an Pheaca
1 Mascail Dháiví.
1 Is méanar dár maitheadh a choir;
dár folaíodh a pheaca;
2an té nach gcuireann an Tiarna
cion ina leith,
ʼs nach bhfuil cealg ina chroí.
3Bhí mé i mo thost, agus chríon mo chnámha;
bhínn ag osnaíl gach lá,
4Óir gach uile lá agus oíche
ba throm orm do lámh.
Go deimhin, bhí mo neart dá thrá
mar a bheadh le teas an tsamhraidh.
5Ach cheana, dʼadmhaíos mo pheaca duit
agus níor cheil mé mʼurchóid.
Dúirt mé: “Admhóidh mé anois
mo choir don Tiarna.”
Agus thug tú maithiúnas dom ansin:
mhaith tú mo pheaca dom.
6Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin,
in am an éigin.
Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra
ní thiocfaidh siad i ngar dó.
7Is tú mʼáit fholaigh, a Thiarna,
do mʼfhuascailt ó mʼanacair;
cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.
8Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé
an tslí is triallta duit.
Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit;
coimeádfaidh mé súil ort.
9Ná bígí mar an each ná an mhiúil,
gan chiall gan tuiscint.
Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad
ní thiocfaidh siad i do chóngar.
10Is líonmhar iad dóláis na n‑éagráifeach,
ach tá trocaire agus grá
ag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna.
11Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,
a fhíréana uile.
Déanaigí aoibhneas agus áthas
a lucht an chroí dhírigh.

Currently Selected:

Salm 32: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in