YouVersion Logo
Search Icon

Salm 29

29
Glóir Dé san Anfa Toirní
1 Salm le Dáiví
1 Tugaigí don Tiarna, a chlann mhac Dé,
tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht!
2Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm;
tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.
3Tá glór an Tiarna ar an uisce,
tá Dia na glóire ag toirneach,
tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra.
4Tá glór an Tiarna go cumasach,
tá glór an Tiarna go maorga.
5Briseann glór an Tiarna na céadrais,
briseann sé céadrais na Liobáine.
6Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhna
agus Sirión ar nós ógdhaimh allta.
7Adhnann glór an Tiarna splancacha tine:
8croitheann glór an Tiarna an fásach,
cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith.
9Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh,
agus fágann sé an choill gan duilliúr,
agus cluintear “Glóir!” ó gach aon neach ina theampall.
10Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann.
Tá an Tiarna ina rí go brách.
11Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal;
beannóidh sé a phobal le síocháin.

Currently Selected:

Salm 29: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in