YouVersion Logo
Search Icon

Salm 30

30
Buíochas le Dia as ucht an Salmaí–a Tharrtháil ón mBás
1 Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví.
2Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé
agus nár lig tú do mʼeascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.
3Dʼiarr mé cúnamh ort, a Thiarna,
agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.
4Thug tú mʼanam as an uaigh, a Thiarna,
shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.
5A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó,
gabhaigí buíochas lena ainm naofa.
6Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire;
ach maireann a chineáltas ó aois go bás.
Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.
7Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:
“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”
8Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,
ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.
9Is ort-sa, a Thiarna, a ghlaoigh mé,
chun Dé a chuir mé mʼachainí.
“Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
10An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?”
11Éist, a Thiarna, go trócaireach;
tar, a Thiarna, i gcabhair orm.
12Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna;
bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
13i dtreo go seinnfidh mʼanam do mholtaí gan staonadh.
A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.

Currently Selected:

Salm 30: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in