Marcas 16
16
An Tuama Folamh: An tAingeal
1Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh. 2Agus an-mhoch ar an gcéad lá den tseachtain, agus an ghrian ina suí, tháinig siad go dtí an tuama. 3Agus bhí siad dá rá le chéile: “Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?” 4Ach nuair a dʼfhéach siad, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar. Bhí sí an-mhór. 5Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu. 6Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. Dʼéirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é. 7Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’” 8Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu.
Íosa arna Aiséirí
9Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhan amach. 10Dʼimigh sise agus dʼinis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iad-san ag caoi agus ag gol. 11Ach nuair a chuala siad-san go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad. 12Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath. 13Tháinig siad-san ar ais agus dʼinis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iad-san.
Misean na nAspal:
An Deascabháil
14Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus dʼathchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe. 15Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaitheacht uile. 16An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é.
17“Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i mʼainm-se, labhróidh siad i dteangacha nua; 18tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóibh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.”
19Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar Neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. 20Ach iad siúd, dʼimigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.
Currently Selected:
Marcas 16: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.