Marcas 15
15
Íosa i Láthair Phíoláit
1Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe–an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phíoláit. 2Dʼfhiafraigh Píoláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis dá fhreagairt: “Tá sé ráite agat.” 3Agus chuir uachtaráin na sagart a lán ina leith. 4Dʼfhiafraigh Píoláit de arís: “Nach bhfuil aon fhreagra agat dá thabhairt? Féach a bhfuil acu dá gcur i do leith!” 5Ach níor thug Íosa freagra ar bith eile, rud a chuir ionadh ar Phíoláit.
6Le linn na féile ba bhéas leis príosúnach, an té a lorgaídís, a scaoileadh saor. 7Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dún-mharú déanta acu sa cheannairc. 8Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách. 9Dʼfhreagair Píoláit iad dá rá: “An mian libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nGiúdach?” 10Óir bhí a fhios aige gur formad faoi deara dʼuachtaráin na sagart é a thabhairt ar láimh. 11Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu. 12Agus dúirt Píoláit leo arís dá bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?” 13Scread siad arís: “Céas é!” 14Dúirt Píoláit leo: “Ach, cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!” 15Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
An Choróin Dheilgneach
16Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile. 17Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air. 18Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!” 19Agus bhí siad dá bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó. 20Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air.
An Céasadh
Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh. 21Agus duine a bhí ag gabháil an bhóthair, ag teacht ón tuath, Síomón Círéinéach, athair Alastair agus Rufas, chuir siad dʼfhiacha air a chros a iompar. 22Agus rug siad leo é go dtí an áit Golgatá–a chiallaíonn ‘Áit an Chloiginn’. 23Agus bhí fíon, a raibh miorr tríd, dá thabhairt acu dó, ach níor ghlac sé é. 24Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, dá gcur ar chrainn féachaint cén ball a bhéarfadh gach duine. 25Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é. 26Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: “Rí na nGiúdach.” 27Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé. 28Agus comh-líonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.” 29Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ha, há! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá! 30Saor thú féin! Tar anuas ón gcros!” 31Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh. 32Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí dá gcéasadh mar aon leis, bhí siad dá aithisiú freisin.
Bás Chríost
33Nuair a tháinig an séú huair, luigh dorchadas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. 34Agus ar an naoú huair mʼéigh Íosa de ghlór ard: “Elóí, Elóí, lamá sabachthaní?” a chiallaíonn: ‘A Dhia, a Dhia, cén fáth ar threig tú mé?’ 35Dúirt cuid dá raibh ina seasamh timpeall ar a chloisteáil sin dóibh: “Féach, tá sé ag glaoch ar Éilias.” 36Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é a thógáil anuas.” 37Ach ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus shíothlaigh sé.
38Agus réabadh brat an Teampaill ina dhá chuid ó bhun go barr. 39An taoiseach céid a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é an duine sin Mac Dé.”
40Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae. 41Bhídís seo dá leanúint agus ag freastal air nuair a bhí sé sa Ghailíl. Agus bhí a lán ban eile ann a bhí tagtha suas go hIarúsailéim in éineacht leis.
Íosa dá Adhlacadh
42Agus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurbh é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid) 43tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Píoláit agus dʼiarr corp Íosa air. 44Bhí ionadh ar Phíoláit é a bheith marbh cheana féin, agus ghlaoigh sé chuige an taoiseach céid agus dʼfhiafraigh de an raibh sé marbh cheana féin. 45Nuair a bhí a fhios sin aige ón taoiseach céid, cheadaigh sé an corp a thabhairt dʼIósaef. 46Cheannaigh Iósaef línéadach agus thóg anuas den chros é agus dʼfhill sa línéadach é agus chuir é i dtuama a bhí gearrtha as carraig, agus dʼiompaigh cloch mhór le béal an tuama. 47Bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Iósaes ag breathnú ar an áit ar cuireadh é.
Currently Selected:
Marcas 15: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.