Lúcás 6:27-49
Lúcás 6:27-49 ABN2012
“Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh, beannaígí iad seo a thugann mallacht daoibh, guígí orthu seo a dhéanann olc oraibh. An té a bhuaileann ar an leiceann thú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta. Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é. De réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna. Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Óir tugann na peacaigh féin grá dóibh seo a thugann grá dóibh. Agus má dhéanann sibh an mhaith dóibh seo a dhéanann an mhaith daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Déanann na peacaigh féin an rud céanna. Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís a oiread céanna ar ais. Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine. Bígí sibh-se atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach. Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh. Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n-ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.” Agus dúirt sé parabal leo: “An féidir do dhall a bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díog? Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir. Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail atá i do shúil féin? Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti. Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear figí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog. Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an droch-rud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal. Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim? “Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil. Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sí é a bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha. “An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.”