YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 20

20
Turas Phóil ar an Macadóin agus ar an nGréig
1Nuair a mhaolaigh ar an rírá, chuir Pól fios ar na deisceabail agus tar éis comhairle a thabhairt dóibh dʼfhág sé slán acu agus dʼimigh leis go dtí an Mhacadóin. 2Nuair a bhí na críocha sin siúlta aige agus mórán spreagtha tugtha aige do na Críostaithe, tháinig sé go dtí an Ghréig agus thug trí mhí ann. 3Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSiria nuair a rinne na Giúdaigh comh-cheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin. 4Chuaigh Sopataer mac Phiorras, Bearóia, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchas agus Seacúndas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Trofamas. 5Chuaigh siad-san ar aghaidh romhainn agus dʼfhan siad linn i dTróás. 6Sheolamarna ó Fhilipí i ndiaidh fhéile an tSlimaráin agus faoi cheann cúig lá thangamar chucu go Tróás, agus thugamar seacht lá ann.
Seanmóir Fhadálach i dTróás
7Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche. 8Bhí lampaí go leor ar lasadh sa seomra uachtarach ina rabhamar cruinnithe. 9Bhí ógánach darbh ainm ‘Eotachas’ ina shuí ar leac na fuinneoige agus de réir mar a chuaigh caint Phóil chun fadála thit sé ina chnap codlata agus leis an gcodladh a bhí air thit sé ón tríú hurlár go talamh síos agus nuair a tógadh é bhí sé marbh. 10Chuaigh Pól síos chuige agus chaith sé é féin air, agus ag breith barróige air, dúirt sé: “Ná bíodh aon bhuairt oraibh! Tá an t-anam ann.” 11Ansin chuaigh sé in airde arís, bhris an t-arán leo agus chaith sé a chuid. Agus bhí comhrá fada aige leo as sin go maidin. Dʼimigh sé chun siúil ansin. 12Thug siad-san an buachaill leo agus é go beo beathach, agus sólás thar na bearta orthu.
13Chuamarna ar aghaidh go dtí an long agus seo chun siúil linn go dtí Asas, áit a rabhamar chun Pól a thógáil ar bord de réir mar a bhí socraithe aige–mar bhí sé féin le dul ann dá chois. 14Nuair a bhuail sé linn in Asas, thógamar ar bord é agus thángamar go Mitiléiné 15agus sheolamar linn as sin agus amárach a bhí chugainn bhíomar os comhair Chíos. Sroicheamar Samas an lá dár gcionn agus an lá ina dhiaidh sin bhaineamar amach Miléatas. 16Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun a bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mbʼfhéidir dó é. 17Chuir sé scéala ó Mhiléatas go hEifeasas dá bhrí sin dá iarraidh ar sheanóirí na hEaglaise teacht chuige. 18Agus nuair a bhí siad tagtha chuige, labhair seo leo mar a leanas.
Aitheasc do Sheanóirí Eifeasas
“Tá a fhios agaibh an chuma inar chaith mé gach nóiméad fad a bhí mé in bhur measc ón gcéad lá a leag mé cos lánuiríseal dheorach san Áise, 19go raibh mé i mo sheirbhíseach lándeorach don Tiarna ainneoin gach croise dár rug orm trí chealga na nGiúdach; 20nár cheil mé oraibh rud ar bith a rachadh chun sochair daoibh ach é a fhógairt agus a theagasc daoibh os comhair an tsaoil agus in bhur dtithe; 21dʼfhógair mé ar Ghiúdaigh agus ar Ghréagaigh araon iompú chun Dé agus creidiúint inár dTiarna Íosa. 22Agus anois, féach, agus mé i mo chime ag an Spiorad táim ag dul suas go hIarúsailéim agus gan a fhios agam céard atá in áirithe dom ann 23ach amháin go bhfuil an Spiorad Naomh dá dhearbhú dom in gach cathair dá dtéim gur géibheann agus piolóidí atá ann i mo chomhair. 24Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.
25“Tá a fhios agam anois nach bhfeicfidh sibh-se mo ghnúis níos mó, sibh-se go léir ar shiúil mé in bhur measc ag fógairt na Ríochta. 26Dearbhaím daoibh inniu féin, dá bhrí sin, nach bhfuilim freagrach i bhfuil aon duine riamh agaibh, 27mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine. 28Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun a bheith in bhur n-aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.
29“Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu. 30Agus tá daoine agaibh féin a éireoidh agus a thabharfaidh teagasc claon dʼfhonn deisceabail a mhealladh chucu. 31Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is dʼoíche agus na deora i mo shúile. 32Fágaim sibh anois faoi choimirce Dé agus bhriathar a ghrásta atá in ann sibh a thógáil suas agus oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an phobail naofa go léir. 33Níor shantaigh mé ór ná airgead ná éadach le duine ar bith. 34Tá a fhios agaibh féin gurb iad na lámha seo a choinnigh riar ár gcáis liom féin agus le mo chompánaigh. 35Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”
36Nuair a bhí an méid sin ráite aige, lig sé é féin ar a ghlúine agus rinne sé guí chun Dé leo go léir. 37Bhí siad go léir ag gol go fuíoch, iad dá gcaitheamh féin ar bhráid Phóil agus dá mhúchadh le póga. 38Is é rud a chuir an cumha ar fad orthu, an focal úd a dúirt sé nach bhfeicfidís a ghnúis ní ba mhó. Agus rinne siad é a thionlacan chun na loinge.

Currently Selected:

Gníomhartha 20: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in