1
Gníomhartha 20:35
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”
Compare
Explore Gníomhartha 20:35
2
Gníomhartha 20:24
Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.
Explore Gníomhartha 20:24
3
Gníomhartha 20:28
Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun a bheith in bhur n-aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.
Explore Gníomhartha 20:28
4
Gníomhartha 20:32
Fágaim sibh anois faoi choimirce Dé agus bhriathar a ghrásta atá in ann sibh a thógáil suas agus oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an phobail naofa go léir.
Explore Gníomhartha 20:32
Home
Bible
Plans
Videos