YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 9

9
1Agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá ’n‐a seasamh annso, agus ní bhlaisfid‐sean an bás nó go bhfeicid ríoghacht Dé ag teacht i gcumhacht.
2Agus i gceann sé lá ’n‐a dhiaidh sin thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do threoruigh sé iad ’n‐a n‐aonar fá leith suas ar shliabh árd: agus do h‐athruigheadh a ghné ’n‐a bhfiadhnaise: 3agus d’éirigh a éadaighe an‐lonnrach, an‐gheal; ar chuma nach bhféadfadh aon úcaire ar talamh a ngealadh. 4Agus do taidhbhrigheadh dhóibh Élias i n‐éinfheacht le Maois: agus iad ag cómhrádh le h‐Íosa. 5Agus adubhairt Peadar le h‐Íosa, A Mháighistir, is maith dhúinn bheith annso: leig dúinn trí botha do dhéanamh, both dhuit‐se, agus both do Mhaois, agus both d’Élias. 6Óir ní raibh a fhios aige créad adéarfadh sé: mar do bhí crith‐eagla mhór ortha. 7Agus tháinig scamall ’n‐a dtimcheall do chlúduigh iad: agus tháinig an guth as an scamall adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain: éistidh leis. 8Agus ag féachain go h‐obann dóibh ’n‐a dtimcheall, ní raibh aon duine le feicsin acht Íosa amháin ’n‐a bhfochair féin.
9Agus ag teacht anuas dóibh ó’n sliabh, thug sé foláireamh dhóibh gan a innsin d’aon duine i dtaobh a bhfacadar, nó go n‐aiséirigheadh Mac an Duine ó na marbhaibh. 10Agus do choimhéadadar an focal sin aca féin, ’g‐a fhiafraighe d’á chéile, Cad é an chiall atá leis sin, aiséirghe ó na marbhaibh? 11Agus do chuireadar ceist air, agus adubhradar, Cad chuige a n‐abrann na scríobhaidhthe go gcaithfidh Élias teacht ar dtús? 12Agus adubhairt sé leo, Tig Élias ar dtús go deimhin, agus athnuadhann sé gach uile nidh: agus cionnas atá scríobhtha i dtaobh Mhic an Duine, go gcaithfidh sé mórán d’fhulang agus bheith fá tharcuisne? 13Acht adeirim‐se libh go dtáinig Élias cheana féin, agus go ndearnadar dó an rud ba thoil leo, mar atá scríobhtha na thaobh.
14Agus nuair thángadar chum na ndeisceabal, do chonncadar sluagh mór ’n‐a dtimcheall, agus na scríobhaidhthe ag diospóireacht leo. 15Agus ar an láthair, nuair do chonnaic an sluagh é, tháinig iongnadh agus uathbhás ortha uile, agus do ritheadar chuige agus d’fháiltigheadar roimhe. 16Agus d’fhiafruigh sé dhíobh, Créad í an cheist atá d’á pléidhe agaibh leo‐san? 17Agus d’fhreagair duine de’n tsluagh, agus adubhairt, A Mháighistir, thugas‐sa chugat mo mhac ’n‐a bhfuil spioraid bhalbh; 18agus cibé ball ’n‐a mbeireann sí é, buaileann sí ar lár é: agus cuireann seisean cubhar as a bhéal, agus do‐ghní sé gíoscán le n‐a fhiaclaibh, agus atá sé ag cnaoi: agus do labhras led’ dhéisceablaibh ’g‐a iarraidh ortha a díbirt amach as; agus níor fhéadadar‐san a dhéanamh. 19Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt, A shliocht gan chreideamh, cá fhad bhéas mé eadraibh? cá fhad fhuilingeochas mé libh? tabhraidh chugam‐sa é. 20Agus thugadar chuige é: agus nuair do chonnaic an spioraid é, ar an láthair do réab sí é go millteach, agus do thuit sé ar an talamh, agus é ag ionfairt, agus cubhar ar a bhéal. 21Agus d’fhiafruigh Íosa de’n athair, An fada dhó sa riocht so? Agus adubhairt seisean, Ó bhí sé ’n‐a leanbh. 22Agus is minic do chaith sí san teinidh é agus san uisce, le n‐a mhilleadh: acht má’s féidir leat‐sa é, déan trócaire orainn, agus fóir orainn. 23Agus adubhairt Íosa leis, Má’s féidir leat! Is féidir gach uile nidh do’n té chreideas. 24Agus ar an láthair do ghlaodh athair an bhuachalla, agus adubhairt, Creidim‐se; fóir‐se ar m’easbaidh creidimh. 25Agus nuair do chonnaic Íosa go raibh sluagh mór daoine ag rith chuige, do smachtuigh sé an spioraid neamh‐ghlan, ’g‐a rádh leis, A spioraid bhalbh, bhodhar, órduighim‐se dhuit, tar amach as, agus ná téighir isteach ann arís. 26Agus ag screadaigh, agus ’g‐a shracadh dhí go millteach, tháinig sí amach as: agus do bhí an leanbh mar do bhéadh corp: i dtreo go ndubhairt an chuid ba mhó aca, Atá sé marbh. 27Acht do rug Íosa ar láimh air, agus do thóg sé suas é; agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh. 28Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh, d’fhiafruigh a dheisceabail de, fá rún, Cad chuige nár fhéadamar‐ne an spioraid úd do dhíbirt as? 29Agus adubhairt sé leo, Ní féidir a leithéid‐siúd do dhíbirt acht le h‐urnaighe agus le troscadh.
30Agus d’imthigheadar ó’n áit sin, agus do chuadar tríd an nGaililé; agus níorbh áil leis a fhios do bheith ag aoinneach. 31Óir do bhí sé ag teagasc a dheisceabal, agus ’g‐a rádh leo, Atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh na ndaoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhtha, éireochaidh sé an treas lá. 32Acht níor thuigeadar brigh na cainnte seo, agus do bhí eagla ortha a cheistiú.
33Agus tháinig sé go Cafarnaúm: agus nuair do bhí sé sa tigh, d’fhiafruigh sé dhíobh, Créad í an chonspóid do bhí eadraibh ar an sligh? 34Acht d’fhanadar ’n‐a dtost: óir do bhíodar ag diospóireacht ar an slighe ’n‐a thaobh so, Cia aca dhíobh ba mhó. 35Agus do shuidh sé, agus do ghlaodh sé an dá‐réag chuige; agus adubhairt sé leo, Aon duine lé’r mian bheith i dtosach, is eisean bhéas ar deireadh ar fad, agus bhéas ’n‐a sheirbhíseach ag cách. 36Agus do rug sé ar leanbh beag, agus do chuir sé ’n‐a lár é: agus do thóg sé ’n‐a ucht é, agus adubhairt sé leo, 37Cibé duine ghlacfas chuige im’ ainm‐se leanbh d’á leithéid seo, is mise ghlacas sé chuige, agus cibé duine ghlacas mise chuige, ní mise ghlacas sé, acht an té do chuir uaidh mé.
38Adubhairt Eoin leis, A Mháighistir, do chonnacamar duine ag cur deamhan amach id’ ainm‐se, agus do choisceamar é, de bhrigh nach leanann sé sinne. 39Acht adubhairt Íosa, Ná coiscidh é: óir ní fhuil aon duine do‐ghéanas míorbhail im’ ainm‐se, agus fhéadfas olc do labhairt orm ’n‐a dhiaidh sin. 40Óir cibé duine nach bhfuil ’n‐ár gcoinnibh atá sé linn. 41Agus cibé duine bhéarfas cupán uisce le n’ól daoibh im’ ainm‐se, de bhrigh gur daoine le Críost sibh, adeirim libh go fírinneach, nach gcaillfidh sé a luach‐saothair. 42Agus cibé duine bhéarfas adhbhar scannail d’aoinneach de na daoinibh beaga so chreideas ionnam, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch muilinn ar a mhuineál, agus go gcaithfidhe é sa bhfairrge. 43Agus má bhíonn do lámh ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh, ’ná an dá láimh do bheith agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teinidh nach múchtar. 45Agus má bhíonn do chos ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, gearr díot í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh, agus tú id’ bhacach, ’ná an dá chois do bheit agat agus go gcaithfidhe thú i n‐ifreann. 47Agus má bhíonn do shúil ’n‐a h‐adhbhar scannail duit, srac amach í: is fearr duit dul isteach i ríoghacht Dé ar leathshúil, ’ná an dá shúil do bheith agat agus go gcaithfidhe thú i n‐ifreann: 48an áit nach n‐éagann a gcnuimh, agus nach múchtar an teine. 49Óir saillfear gach uile dhuine le teinidh. 50Is maith an nidh salann: acht má bhíonn an salann gan bhlas, cad leis an ndéanfaidh sibh deagh‐bhlasta é. Bíodh salann ionnaibh féin agaibh agus bíodh síothcháin eadraibh.

Currently Selected:

Marcus 9: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in