YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 10

10
1Agus ag imtheacht dó, tháinig sé go críochaibh Iúdaea ar an taobh thall de Iórnán: agus do chruinnigh na sluaighte chuige arís; agus, mar ba ghnáth leis, do theagaisc sé arís iad. 2Agus tháinig na Fairisínigh chuige, agus d’fhiafruigheadar de, ’g‐a thriail. An dleaghthach d’fhear a bhean do chur uaidh? 3Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Créad d’órduigh Maois daoibh? 4Agus adubhradar‐san, Do cheaduigh Maois litir a scartha do scríobhadh, agus a cur uaidh. 5Acht adubhairt Íosa, Is mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe thug sé an aithne sin daoibh. 6Acht ó cruthuigheadh gach nidh ar dtús, fireann agus baineann do sinne sé iad. 7Ar an adhbhar sin tréigfidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; 8agus béidhid beirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin: i dtreo nach beirt iad as sin amach, acht aon fheoil amháin. 9D’á bhrigh sin, an nidh atá ceangailte ag Dia, ná scaoileadh duine é. 10Agus sa tigh dhóibh do chuir na deisceabail ceist air arís ’n‐a thaobh sin. 11Agus adubhairt sé leo, Cibé duine chuirfeas uaidh a bhean, agus phósfas bean eile, do‐ghní sé adhaltrannas ’n‐a h‐aghaidh: 12agus má chuireann bean a fear uaithi, agus má phósann sí fear eile, do‐ghní sise adhaltrannas.
13Agus thugadar leinbh óga chuige, chum go leagfadh sé a lámh ortha: agus do chuir na deisceabail cosc leo‐san do bhí ’g‐a dtabhairt chuige. 14Acht nuair thug Íosa fá deara sin, do bhí míchéadfadh aige ortha, agus adubhairt sé leo, Leigidh do na leanbhaibh beaga teacht chugam‐sa; ná cuireadh cosc leo: óir is le n‐a leithéidibh‐sin ríoghacht Dé. 15Adeirim libh go fírinneach, Cibé duine nach nglacfaidh ríoghacht Dé ar nós leinbh, nach rachaidh sé isteach innti choidhche. 16Agus do ghlac sé chuige ’n‐a ucht iad, agus do bheannuigh sé iad, agus é ag cur a lámh ortha.
17Agus nuair do bhí sé ag dul amach ar an mbealach, do rith fear chuige, agus do chaith sé é féin ar a ghlúnaibh ’n‐a láthair, agus d’fhiafruigh sé dhe, A Mháighistir mhaith, Créad do‐ghéanad‐sa chum go bhfaighead an bheatha shíorraidhe mar oighreacht? 18Agus adubhairt Íosa leis, Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm‐sa? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. 19Is eol duit na h‐aitheanta, Ná déan dúnmharbhadh, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid, Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Ná déan mealltóireacht, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair. 20Agus adubhairt seisean leis, A Mháighistir, do chóimhlíonas na neithe sin uile ó thús m’óige. 21Agus iar bhféachain d’Íosa air, thug sé grádh dhó, agus adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort: imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus do‐gheobhair saidhbhreas ar neamh; agus tar agus lean mise. 22Acht ar gclos na cainnte sin dó, tháinig cuma an bhróin ar a éadan, agus d’imthigh sé go h‐atuirseach, mar ba dhuine é ag a raibh mórán saidhbhris.
23Agus d’fhéach Íosa ’n‐a thimcheall, agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Nach deacair do lucht saidhbhris dul isteach i ríoghacht Dé! 24Agus do chuir a bhriathra uathbhás ar na deisceablaibh. Acht do labhair sé arís, agus adubhairt sé leo, A chlann, nach deacair dhóibh‐sean a chuireas a muinghin as saidhbhreas dul isteach i ríoghacht Dé! 25Is fusa do chamall gabháil tré chró snáthaide, ’ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht Dé. 26Agus do mhéaduigh ar a n‐uathbhás go mór, agus adubhradar leis, Má’s eadh, cia h‐é an duine gur féidir a shaoradh? 27Agus ag féachain d’Íosa ortha, adubhairt sé, Ní féidir do dhaoinibh é, acht ní mar sin do Dhia; óir is féidir le Dia gach uile nidh do dhéanamh. 28Agus adubhairt Peadar leis, Féach, do thréigeamar‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa. 29Adubhairt Íosa, Adeirim libh go fírinneach, Nach bhfuil aon duine d’fhág teach, nó dearbhráithreacha, nó deirbhsheathracha, nó máthair, nó athair, nó clann, nó talta ar mo shon‐sa, agus ar son an tsoiscéil, 30nach bhfaighidh a gcéad oiread san aois seo, tighthe, agus dearbhráithreacha, agus deirbhsheathracha, agus máithreacha, agus clann, mar aon le géir‐leanamhain; agus an bheatha shíorraidhe sa tsaoghal atá le teacht. 31Acht is iomdha duine d’á bhfuil ar tosach bhéas ar deireadh: agus d’á bhfuil ar deireadh bhéas ar tosach.
32Agus do bhíodar ar an slighe, ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do bhí Íosa ag siubhal rómpa: agus do bhí iongnadh ortha: agus do bhí eagla ortha‐san agus iad ag leanamhain ’n‐a dhiaidh. Agus thug sé an dá‐réag i leathtaoibh arís, agus do thosnuigh sé ar a innsin dóibh cad iad na neithe do tharlóchadh dó, 33’g‐a rádh, Féachaidh, atámuid ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐bhéarfar Mac an Duine d’uachtaránaibh na sagart, agus do na scríobhaidhthibh; agus daorfaid‐sean chum báis é, agus do‐bhéarfaid do na Págánachaibh é: 34agus do‐ghéanaid‐sean fonomhaid faoi, agus caithfid seile air, agus sciúrsálfaid é, agus marbhóchaid é; agus tar éis trí lá éireochaidh sé arís.
35Agus tháinig chuige Séamas agus Eoin, mic Shebedé, agus adubhradar leis, A Mháighistir, ba mhian linn go ndéanfá dhúinn cibé nidh iarrfaimíd ort. 36Agus adubhairt seisean leo, Créad do b’áil libh do‐ghéanainn daoibh? 37Agus adubhradar‐san leis, Deonuigh dhúinn go suidhfimíd, duine againn ar do láimh dheis, agus duine againn ar do láimh chlé, id’ ghlóir. 38Acht adubhairt Íosa leo, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólaim‐se, an féidir libh‐se a ól? nó an féidir libh an baisteadh le n‐a mbaistfear mise d’fhulang? 39Agus adubhradar leis, Is féidir linn. Agus adubhairt Íosa leo, An cupán ólaim‐se, ólfaidh sibh‐se é; agus baistfear sibh sa mbaisteadh fhuilingeochas mé: 40acht suidhe ar mo láimh dheis nó ar mo láimh chlé, ní liom‐sa a thabhairt sin uaim; acht atá sé i ndán dóibh‐sean d’á bhfuil sé ceaptha. 41Agus nuair do‐chuala an deichneabhar é, d’éirigh siad míshásta go mór le Séamas agus le h‐Eoin. 42Agus do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé leo, Atá a fhios agaibh na daoine go luaidhtear cumhacht do bheith aca ar na Pagánachaibh, go gcuirid‐sean smacht ortha; agus go mbíonn forlámhas ag a mór‐uaislibh ortha. 43Acht ní mar sin daoibh‐se: acht cibé duine gur mian leis bheith mór eadraibh, caithfidh sé bheith ’n‐a sheirbhíseach agaibh: 44agus cibé duine gur mian leis bheith ar tosach eadraibh, caithfidh sé bheith ’n‐a sclábhaidhe ag cách. 45Óir ní tháinig Mac an Duine féin chum go ndéanfaidhe friotháileamh air, acht chum fo ndéanfadh seisean friotháileamh, agus go dtiubhradh sé a anam i n‐éiric móráin.
46Agus thángadar go h‐Ierichó: agus ag imtheacht dó‐san agus d’á dheisceablaibh as Ierichó, agus sluagh mór daoine i n‐éinfheacht leo, do bhí Bartiméus dall, mac Thiméuis, ’n‐a shuidhe le cois an bhealaigh agus é ag iarraidh déirce. 47Agus nuair do‐chuala sé gurbh é Íosa Nasardha do bhí ann, do thosnuigh sé ar ghlaodhach, agus ar a rádh, A Íosa, a mhic Dháibhi, déan trócaire orm. 48Agus do bhagair mórán daoine air bheith ’n‐a thost: acht ba mhó do ghlaodh seisean, A mhic Dháibhi, déan trócaire orm. 49Agus do stad Íosa, agus adubhairt sé, Glaodhaidh chugam air. Agus do ghlaodhadar ar an dall, ’g‐a rádh leis, Bíodh meisneach agat; éirigh id’ sheasamh, atá sé ag glaodhach ort. 50Agus do chaith seisean a bhrat de, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh, agus tháinig sé chum Íosa. 51Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé, Créad ba mhian leat do‐ghéanainn duit? Agus adubhairt an dall leis, A Mháighistir, mo radharc thabhairt dom. 52Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an láthair tháinig a radharc dó, agus do lean sé é sa tslighe.

Currently Selected:

Marcus 10: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in