1
Marcus 10:45
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Óir ní tháinig Mac an Duine féin chum go ndéanfaidhe friotháileamh air, acht chum fo ndéanfadh seisean friotháileamh, agus go dtiubhradh sé a anam i n‐éiric móráin.
Compare
Explore Marcus 10:45
2
Marcus 10:27
Agus ag féachain d’Íosa ortha, adubhairt sé, Ní féidir do dhaoinibh é, acht ní mar sin do Dhia; óir is féidir le Dia gach uile nidh do dhéanamh.
Explore Marcus 10:27
3
Marcus 10:52
Agus adubhairt Íosa leis, Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thú. Agus ar an láthair tháinig a radharc dó, agus do lean sé é sa tslighe.
Explore Marcus 10:52
4
Marcus 10:9
D’á bhrigh sin, an nidh atá ceangailte ag Dia, ná scaoileadh duine é.
Explore Marcus 10:9
5
Marcus 10:21
Agus iar bhféachain d’Íosa air, thug sé grádh dhó, agus adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort: imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus do‐gheobhair saidhbhreas ar neamh; agus tar agus lean mise.
Explore Marcus 10:21
6
Marcus 10:51
Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé, Créad ba mhian leat do‐ghéanainn duit? Agus adubhairt an dall leis, A Mháighistir, mo radharc thabhairt dom.
Explore Marcus 10:51
7
Marcus 10:43
Acht ní mar sin daoibh‐se: acht cibé duine gur mian leis bheith mór eadraibh, caithfidh sé bheith ’n‐a sheirbhíseach agaibh
Explore Marcus 10:43
8
Marcus 10:15
Adeirim libh go fírinneach, Cibé duine nach nglacfaidh ríoghacht Dé ar nós leinbh, nach rachaidh sé isteach innti choidhche.
Explore Marcus 10:15
9
Marcus 10:31
Acht is iomdha duine d’á bhfuil ar tosach bhéas ar deireadh: agus d’á bhfuil ar deireadh bhéas ar tosach.
Explore Marcus 10:31
10
Marcus 10:6-8
Acht ó cruthuigheadh gach nidh ar dtús, fireann agus baineann do sinne sé iad. Ar an adhbhar sin tréigfidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; agus béidhid beirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin: i dtreo nach beirt iad as sin amach, acht aon fheoil amháin.
Explore Marcus 10:6-8
Home
Bible
Plans
Videos